Lá Cuimhneacháin Náisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Cuimhneacháin Náisiúnta
Cineállá saoire Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhOspidéal Ríochta Chill Mhaighneann, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata


Ceiliúrtar Lá Cuimhneacháin Náisiúnta in Éirinn chun ómós a thabhairt do gach Éireannach a fuair bás i gcogadh nó i seirbhís na Náisiúin Aontaithe.

Titeann an comóradh ar an Domhnach is gaire don 11 Iúil, cothrom an lá sa bhliain 1921 ar síníodh an sos cogaidh a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse. Is iondúil an príomhshearmanas a eagrú ag an Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath.

Déantar comóradh ar na hÉireannaigh uile, fir agus mná, a fuair bás i gcogadh nó ar fónamh leis na Náisiúin Aontaithe.[1]

2014

Cúrsa an tSearmanais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann na buíonta agus Garda Onóra an Chaptaein le chéile agus máirseáiltear ar paráid os comhair Banna Uimhir 1 an Airm agus na Píobairí. Tagann an Bhratach Náisiúnta agus na Bratacha Reisiminte ar paráid, ar leithligh uathu sin, ar láthair na paráide nóiméid bheaga sula gcuirtear tús leis an searmanas ina iomláine.

Tugtar an searmanas chun críche le seinm an Amhráin Náisiúnta agus críochnaíonn foreitilt árthaigh PC9 an Aerchóir le nótaí deiridh an Amhráin Náisiúnta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Lá Cuimhneacháin Náisiúnta" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2020-07-12.