Kálmán Kalocsay

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Kálmán Kalocsay

Scríbhneoir Esperanto agus máinlia Ungárach ab ea Kalmán Kalocsay (Kalocsay Kálmán [kɔlotʃay 'ka:lma:n] de réir ord ainmneacha traidisiúnta na hUngáire; 6 Deireadh Fómhair, 1891 - 27 Feabhra, 1976). Eagarthóir, file agus aistritheoir, a raibh breis is 30 teanga aige, a bhí ann freisin, agus bhí tionchar ollmhór aige ar éabhlóid litríocht Esperanto. De bhunús Gaeilge a ainm baiste, "Kolomano" as Esperanto, nó "Colmán" as Gaeilge.[fíoras?]

Agus é ina fhear óg, rinne Kalocsay cúrsa leighis, agus rinneadh príomh-ghalareolaí de ag ospidéal mór i mBúdaipeist. Sa bhliain 1921 a foilsíodh a chéad bhailiúchán filíochta "Mondo kaj Koro" (domhan agus croí). Meastar go leathan gurb eisean a scriobh an bailiúchán soinéad anghrách "Sekretaj Sonetoj" (soinéid rúnda), a foilsíodh faoin ainm cleite « Peter Peneter ».

Eisean a bhí mar eagarthóir ar an iris litríochta Esperanto is ar an bhfoilsitheoir "Literatura Mondo" (domhan na litríochta) sna 1930-aí agus sna 1940-aí, a bhí mar lárionad ag an Budapeŝta Skolo, scoil Bhudapest.

I measc a shaothair ar an litríocht is ar an teangeolaíocht tá "Plena Gramatiko de Esperanto" (lánghraiméar Esperanto) agus an Parnasa Gvidlibro (treoir Pharnassus), saothair i gcomhar le Gaston Waringhien, chomh maith le "Lingvo Stilo Formo" (teanga, stíl, foirm) faoin stíl san fhilíocht. Bhí baint aige le Ciclipéid Esperanto in dhá imleabhar.

Chuir a lán údar suim in Kalocsay, agus is í Ada CSISZÁR atá i bhfeidhil a shaothair neamhfhoilisthe anois.

Bunsaothar filíochta in Esperanto[athraigh | edit source]

  • Mondo kaj Koro, 1921
  • Streĉita Kordo
  • Rimportretoj
  • Izolo
  • Dekdu poetoj (dhá fhile déag), 1934

Saothair aistrithe go hEsperanto ag Kálmán Kalocsay[athraigh | edit source]

  • Johano la Brava le Sándor Petőfi, 1923
  • La Tragedio de l'Homo le Madach, 1924 (athfhoilsithe in 1965)
  • Eterna Bukedo (filíocht aistrithe as 22 theanga) in 1931
  • Romaj Elegioj le Goethe, 1932;
  • Hungara Antologio, 1933;
  • Infero le Dante, 1933
  • La Floroj de l'Malbono (le Baudelaire) (comhaistriúchán), 1957
  • Reĝo Lear le Shakespeare, 1966
  • Kantoj kaj Romancoj de Heine, i gcomhar le Gaston Waringhien, 1969
  • Libero kaj Amo le Sándor Petőfi, 1970
  • Ezopa saĝo athchruthaithe de réir Aesop, 1956
  • La Somermeznokta Sonĝo le Shakespeare
  • La Tempesto le Shakespeare
  • Tutmonda Sonoro - dhá imleabhar filíochta, aistrithe as 30 theanga, 1981

Saothair ar na teangacha[athraigh | edit source]

  • DOMFABRIKO : 6000 frazeologiaj esprimoj hungaraj-Esperantaj (i gcomhar le Ada CSISZÁR, 1975;
  • Lingvo Stilo Formo, staidéir