John Banville
Scríbhneoir, úrscéalaí agus scriptscríbhneoir de chuid na hÉireann é John Banville (rugadh i Loch Garman ar 8 Nollaig 1945). Bronnadh an Duais Man Booker ar Banville as an 18ú húrscéal aige, The Sea, agus an Duais Franz Kafka i mí Bealtaine, 2011. Ó am go chéile scríobhann sé faoin ainm chleite Benjamin Black.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh i Loch Garman é, áit ar fhreastail sé ar mheánscoil Naomh Peadar. B'é an duine ba óige de thriúr é. An chéad phost a bhí aige ná mar oifigeach chléireach le hAer Lingus.
Bhí cónaí air i Stáit Aontaithe Mheiriceá i rith an bhliain 1968-9 sular fhill sé ar Éirinn. Earcaíodh é mar fhotheagrathóir ar an nuachtán The Irish Press. I rith an tréimhse seo is ea a chuir sé peann le pár agus a fhoilsíodh an chuid is túisce dá shaothar. Bhí post aige leis The Irish Times freisin.
Bhí sé ina bhall de Aosdána ar feadh seal sular éirigh sé as, le deis a thabhairt do ealaíontóir éigean eile.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Stíl
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear gur saor fhocail den scoth sa Bhéarla é Banville. De ghnáth is cuir síos ar saol fear scothaosta, a bhíonn idir lámha aige agus an fear ag breathnú siar ar a shaol atá casta ag eachtra tábhachtach a mhúnlaíonn a shaol is a dhearcadh. Tá réalachas, neamhréalachas, fírinne, bréaga agus samhlaíocht fite fúite le chéile go minic sa chaoi nach bhfuil tuiscint dearfa ar a bhfuil ar siúl ag an léitheoir.
Úrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Long Lankin (1970; ed.1984)
- Nightspawn (1971)
- Birchwood (1973)
- Doctor Copernicus: A Novel (1976)
- Kepler, a Novel (1981)
- The Newton Letter: An Interlude (1982)
- Mefisto (1986)
- The Book of Evidence (1989)
- Ghosts (1993)
- Athena: A Novel (1995)
- The Ark (1996) (260 cóip foilsithe)
- The Untouchable (1997)
- God's Gift: A Version of Amphitryon by Heinrich von Kleist (2000)
- Eclipse (2000)
- Shroud (2002)
- Prague Pictures: Portrait Of A City (2003)
- The Sea (2005)
- Love In The Wars (Oiriuniú de Heinrich von Kleist's Penthesilea, 2005)
- The Infinities (2009)
- Ancient Light (2012)
- The Blue Guitar (2015)
- Mrs Osmond. London: Penguin, 2017
- Snow: Faber and Faber, 2020
- April in Spain: Faber and Faber, 2021
Drámaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Broken Jug: After Heinrich von Kleist (1994)
- Seachange (Chuirthe ar stáitse i 1994 sa Focus Theatre, Baile Átha Cliath; neamhfhoilsithe)
- Dublin 1742 (Chuirthe ar stáitse i 2002 san Ark, Baile Átha Cliath; Dráma le haghaidh déagóirí, neamhfhoilsithe)
- God's Gift: A Version of Amphitryon by Heinrich von Kleist. Oldcastle: Gallery, 2007
- Love in the Wars. Oldcastle: Gallery, 2005 (athscríobh de Heinrich von Kleist's Penthesilea)
- Todtnauberg. Dráma Raidió craolta ag an BBC in Eanáir 2006; athfhoilsithe mar Conversation in the Mountains sa bhliain 2008.[33] Faoi chómhránna idir Paul Celan agus Martin Heidegger (faoina chaidreamh le Hannah Arendt) ag Todtnauberg sa SchwarzWald sa Ghearmáin.
Mar "Benjamin Black"
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Christine Falls (2006)
- The Silver Swan (2007)
- The Lemur (2008. Foilsithe mar shraith san New York Times)
- The Black-Eyed Blonde. New York: Henry Holt, 2014 (a Philip Marlowe novel)[34]
- Prague Nights. London: Penguin, 2017 (known to U.S. readers as Wolf on a String)
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bliain | Duais | le haghaidh |
1976 | James Tait Black Memorial Prize | Doctor Copernicus |
1981 | Guardian Fiction Prize | Kepler |
Allied Irish Bank Fiction Prize | ||
American-Irish Foundation Award | Birchwood | |
1989 | Guinness Peat Aviation Award | The Book of Evidence |
1989 | Booker Prize (shortlisted) | The Book of Evidence |
2005 | Booker Prize | The Sea |
2006 | Irish Book Awards Novel of the Year | The Sea |