Johannes Diderik van der Waals

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a saolaíodh i Leyden na hOllainne ab ea Johannes Diderik van der Waals (1837-1923). Leathnaigh sé cothromóid chlasaiceach staid na ngás mar chothromóid staide van der Waals, a chuimsíonn dlíthe Boyle is Charles. D'fhoilsigh sé í i 1873 le cur síos ar staideanna cothromaíochta damhna aonchineálaigh faoi chúinsí ina luaitear an brú, an toirt is an teocht i dtéarmaí tairiseach criticiúil maidir le gach damhna ar leith. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic in 1910 as. Ainmnítear ceann den dá nasc idiradamhacha thánaisteacha laga as (arb é an nasc hidrigine an ceann eile).