Jim Stynes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jim Stynes

Fear spóirt agus daonchara Éireannach ab ea James "Jim" Stynes, OAM (23 Aibreán, 196620 Márta, 2012). Peileadóir Gaelach a bhí ann ina óige, agus é ag imirt leis an gclub Baile Buadáin Naomh Éanna agus foireann mhionúir Bhaile Átha Cliath. Sa bhliain 1984, bhí Stynes ar dhuine de na céad peileadóirí a thapaigh an deis chun peil Astrálach a imirt san Astráil, agus bhain sé clú agus cáil amach ag imirt ag leibhéal is airde an chluiche.

Chuaigh Stynes go mór i gcion ar phobal na hAstráile, ar mhuintir Mhelbourne ach go háirithe - mar sár-imreoir agus mar gheall ar an obair charthanachta a bhí á dhéanamh aige taobh amuigh den ghort imeartha.

D'éag Jim Stynes de bharr ailse, tar éis streachailt phoiblí in aghaidh an ghalair sa bhliain 2012. Bronnadh sochraid stáit air, mar aitheantas ar an méid a bhain sé amach san Astráil.