Jagadguru Kripaluji Maharaj

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Slua mór ag éisteacht le hóraid spioradálta Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj san India

Ba mháistir spioradálta Hiondúch é Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj. B'é an cúigiú duine i stair na hIndia a bhfuil an chéimíocht sin Jagadguru bainte amach aige. Is éard is ciall leis an téarma Sanscraite Jagadguru ná "ardmáistir spioradálta an domhain". Ag 85 bhlian d'aois[1], tá lucht leanúna aige ar fud an domhain. Tugann siad Shree Maharajji air lena gceanúlacht air a chur in iúl.[2] Cailleadh é ar an 15 Samhain 2013 tar éis díobháil inchinne.[3]

Óige Kripaluji Maharaj[athraigh | edit source]

Rugadh Jagadguru Kripaluji Maharaj i nDeireadh Fómhair 1922 é,[4] agus b'é an chéad ainm a bhí air ná Ram Kripalu. Nuair a tháinig Kripaluji Maharaj chun saoil, bhí oíche lánré ann, agus an fhéile úd Sharat Poornima (Féile na Lánré) á ceiliúradh. Teaghlach reiligiúnda Braithmíneach ab ea iad a mhuintir, agus cónaí orthu i Mangarh, sráidbhaile beag in aice le hAllahabad san India. Nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, cuireadh chuig coláiste Sanscraite é in Indore le teanga an tseanléinn Indiaigh a fhoghlaim agus le staidéar a dhéanamh ar an litríocht sa teanga. Creidtear nár thóg sé ach dhá bhliain air le deireadh a chur ar an gcúrsa léinn[5].

Ní raibh Kripaluji Maharaj ach sé bliana déag d'aois, nuair a thug sé cuairt ar Chitrakoot, Sharbhang, Mahoba agus Jhansi. Chaith sé dhá bhliain i ndlúthfhoraois na hIndia ag déanamh a mharana ar Dhia agus ar chúrsaí a chreidimh. I rith an ama seo, thuill sé an chéimíocht Sanscraite 'महाभाव' mar aitheantas ar an riocht spioradálta ina raibh sé.

An Ardmháistreacht Spioradálta[athraigh | edit source]

Varsani (Kashi) - Cathair Naofa an Hiondúchais

Sa bhliain 1955, d'eagraigh Jagadguru Jagadguru Kripaluji Maharaj comhdháil reiligiúnda i Chitrakoot san India. Tháinig ceannairí spioradálta mór le rá na hIndia le chéile ansin. Ar na toscairí, bhí Mahamahopadhyay Giridhar Sharma, uachtarán na scoláirí reiligiúnda i gKashi, Kashi Vidvat Parishat. Chuaigh saíocht reiligiúnda Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj go mór i bhfeidhm air.[6].

Sa bhliain 1956, i rith comhdhála reiligiúnda eile i Varanasi[7], tháinig Shree Raj Narain, Shat Shastree ag éisteacht le léachtaí Kripaluji Maharaj. Thug sé cuireadh do Kripaluji Maharaj léachtanna a thabhairt do scoláirí reiligiúnda i gKashi. Mar sin, chuaigh Kripaluji ansin sa bhliain 1957[8].

Tháinig scoláirí reiligiúnda na cathrach naofa ar fad le chéile in araicis an teagaisc a thabharfadh Kripaluji Maharaj dóibh, timpeall is dhá chéad míle duine ar fad. Ba mhó an t-ábhar iontais dóibh an tuiscint a bhí ag Jagadguru Shree [1] don chreideamh Hiondúch agus do na scríbhinní naofa. Bhí dianstaidéar déanta aige ar na Véidí, ar na hÚpainiséadaí, ar na hUipvéidí, ar na Veideangaí, ar na Dairsean-Seastraí, ar na Puranaí, ar na hIteahaí, rud ab annamh do dhuine nach raibh ach cúig bliana déag is fiche d'aois. Labhair Kripalu Maharaj ar feadh seacht lá. I ndiaidh na n-óráidí, bhronn na scoláirí céimíocht an Jagadguru[9] air. Roimhe sin, níor tugadh an chéimíocht seo ach do chúigear máistir le cúig mhíle bliain anuas, mar atá, Adi Sankaracharya (509-477 RC), Nimbarkacharya (roimh 600 RC), Madhavacharya (sa tríú haois déag) agus Ramanujacharya (1017-1137 i ndiaidh bhreith Chríost).

Fhealsúnacht Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj[athraigh | edit source]

D'foilsigh Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj an bun-fealsúnacht hinduach.

Ghlacann Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj Shat Sandarbh Jeev Goswami agus dar leis, is í an leabhair Bhagavatam an uile-údarás hinduach.

Go háirithe, rinne sé réiteach idir na difriochta atá ann i fealsúnachtaí na 'Jagadguru' eile. In urraim an éacht sin, thug na scholairí naoifeacha an teidil Sanscrait निखिलदर्शनसमन्वयआचार्य (Nikhildarshansamanvayacharya) dó. Rud a chialiann gur bhunaigh sé fíor-teagasc na scrioptúirí.

Mhuineann sé gurbh é priomh-aidhm an anam uile-ghrá Dia a bhaint amach trí dúthracht íon, neamhleithleach a dheanamh do Dhia agus meabhrú domhaina a dheanamh (bhakti) air.[10] Is é sin bhun-fealsúnacht an tsaoil.[11] Chomh maith le sin, chuireann Jagadguru Kripaluji Maharaj béim mór ar umhaleacht.[12]

Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj in Éireann[athraigh | edit source]

In Iúil 2007, trasnaigh na dosaein iarratasóir-spioradálta an tAigéan go Sasana ar feadh seachtain chun ciall naofa a bhaint ó Jagadguru Kripaluji Maharaj. Bhain siad ar fad an iomad buntáistí uaidh.

Oibreacha Sosialta Kripaluji Maharaj[athraigh | edit source]

Bhunaigh an Jagadguru trí ospidéal in India[13]. Tá siad suite i Mangarh, áit breithe an Jagadguru, Vrindavan agus Barsana.

Ashram Kripaluji Maharaj[athraigh | edit source]

Chun a theagaisc a chur in iúil, bhunaigh Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj cùig phríomh institiúid spioradálta (thugtar ashram orthu i Sanscrait). Is iad Jagadguru Kripalu Parishat, Barsana Dham; Bhakti Dham; Jagadguru Dham; Rangeeli Mahal agus Shyama Shyam Dham[14]

Litríocht Kripaluji Maharaj[athraigh | edit source]

Is údar é Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj[15] freisin. Chum sé gearrchuid leabhair chun cabhrú le daoine an fealsúnacht naofa a thuisceant i dtearma simplí. Mhol máistirí spioradálta mór le rá eile na hIndia a chuid oibreacha litríochta mar uile-údarás spioradálta na Hiondúchas.[16][17] De bharr sin, thugadh aitheantas specialta dá chuid litríocht bearla-aistrithe ón World Religious Parliment, Nua-Deilí. Ina theannta sin, tá na millte amhrán cráifeach scéimhiúil cumaithe aige chun cabhrú le meabhrú domhaina, [18] a lucht leanúna. Tá a chuid litríocht ar fad scriobhta in Hindi:

  • Prem Ras Siddhant- Kripaluji Maharaj[19]
  • Prem Ras Madira - Kripaluji Maharaj[20]
  • Bhakti Shatak[Bhakti Shatak - Kripaluji Maharaj]
  • Braj Ras Madhuri.
  • Radha Govinda Geet [2]
  • Yugal Shatak.
  • Yugal Ras.
  • Shree Krishn Dwadashi.

Leathanacha eile[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]