Irving Langmuir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea Irving Langmuir (1881-1957). Bhuaigh sé Duais Nobel sa cheimic i 1932 as a shaothar ar cheimic mhóilíneach dromchlaí, saothar a tháinig le bheith tábhachtach san imdhíoneolaíocht. Cáiliúil freisin as a chuidiú le forbairt an fheadáin fholúsaigh don raidió, agus modhanna chun ceimiceáin a scaipeadh i bhfoirm púdair ar scamaill chun báisteachsneachta a ionduchtú.