Ionsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen
Map
 31°24′43″N 34°19′23″E / 31.41181°N 34.32311°E / 31.41181; 34.32311
Cineálionsaí dróin
coir chogaidh
eirleach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadht Iosrael-Hamas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1 Aibreán 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhDeir al-Balah, Stát na Palaistíne (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírStát na Palaistíne agus Israeli-occupied territories (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocWorld Central Kitchen Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna7 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireFórsaí Cosanta Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla ionsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen i lár stráice Gaza ar an 1 Aibreán 2024.[1][2]

Ina ráiteas dúirt an eagraíocht fóirithinte World Central Kitchen (WCK): “D’ainneoin go ndearnadh ár ngluaiseachtaí a chomhordú le harm Iosrael, buaileadh an conbhua agus iad ag fágáil an stóir in Deir al-Balah, áit a raibh an fhoireann tar éis 100 tonna cúnamh bia daonnúil a dhílódáil, cúnamh a tugadh isteach go Gaza ar an bhfarraige.”[3]

Dúirt an Príomh-Aire Iosrael nár tharla sé d'aon ghnó, ach níor gabhadh aon phardún faoi.[4] "Ní eachtra aonair é seo" a dúirt an tUachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden agus "toradh é nach féidir a sheachaint sa slí ina bhfuil an cogadh á stiúradh", a dúirt na Náisiúin Aontaithe.

Baineadh úsáid as drón Elbit Hermes 450 de chuid Iosrael[2]
Baineadh úsáid as R9X nó a mhacasamhail[5] agus fuinneamh cinéiteach[6][1]
Póstaer de chuid World Central Kitchen

Eachtra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na n-oibrithe araon ag taisteal i 3 charr a raibh comhartha WCK le feiceáil orthu. Ainneoin go raibh comhordú idir iad agus Fórsaí Cosanta Iosrael buaileadh ón aer iad i ndiaidh dhóibh breis is 100 tonna de lastas a fhágáil ag teach stórais i nGaza.

  • Ar dtús rinneadh ionsaí diúracán ar charr amháin. D'éalaigh na n-oibrithe a bhí istigh agus chuaigh siad isteach i gcarr eile.
  • Chuaigh an dara charr ar aghaidh achar gearr. Ach ansin rinneadh ionsaí diúracán ar an gcarr sin. Gortaíodh na n-oibrithe a bhí istigh.
  • Bhí an tríú huair sona. Stop an tríú carr agus chuaigh gach duine istigh. Chuaigh an carr ar aghaidh achar gearr agus ansin rinneadh ionsaí diúracán air agus maraíodh an seachtar a bhí istigh, faoi dheireadh.[1]

I bhfíseán de chuid AFP [Agence France-Presse] bhí an poll a cuireadh i ndíon carr amháin le feiceáil. Bhí an carr dubh dóite agus lógó an ghrúpa fóirithinte pollta.

Maraíodh seachtar oibrí fóirithinte. Bhí saoránaigh ón Astráil, ón Bhreatain agus ón Pholainn i measc an tseachtair a maraíodh a bhuíochas don ionsaí a rinneadh ar na feithiclí ina raibh siad. Bhí fear eile a bhfuil saoránacht de chuid Mheiriceá agus Cheanada aige chomh maith le Palaistínigh i measc na marbh freisin. Bhí siad go léir ag obair don eagraíocht dáilithe bia WCK: triúr as an mBreatain, John Chapman (57), Jim Henderson (33) agus James Kirby (47); an Palaistíneach Saifeddine Issam Ayad Abutaha (25); an tAstrálach Zomi Frankcom (43); an Polannach Damian Sobol (35) agus Jacob Flickinger (33) de bhunú Cheanada agus Mheiriceá.[7]

Tuairimí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Deir Iosrael gur eachtra thragóideach a bhí ann agus tá sé ag fiosrú na heachtra. Dúirt Príomh-Aire Iosrael,Benjamin Netanyahu gur tré thaisme a scaoileadh leis na feithiclí.[8] Dúirt sé gur trua leis bás na n-oibrithe.[9] “Ar mhí-ámharaí an tsaoil tharla tubaiste inné nuair a bhuail ár saighdiúirí de thimpiste daoine neamhchiontacha i Stráice Gaza", a dúirt sé. “Tarlaíonn sin le linn cogaidh, fiosróimid go mion gach ar tharla. Táimid i dteagmháil leis na rialtais agus déanfaimid gach ar féidir linn ionas nach dtarlóidh a leithéid de rud arís.”[3] Ach níor ghabh Netanyahu leithscéal as.[7]
  • Dúirt an Ginearál Hervi Halevi de chuid Iosrael gur "aithint in aimhréir" a bhí san ionsaí i ndubh na hoíche. "Níor chóir go mbeadh sé tarlaithe" agus "Ní d’aon ghnó a déanadh an botún agus tá muid in aiféala faoin dochar atá déanta do mheitheal an WCK".[10]
  • "Ní eachtra aonair é seo" a dúirt an tUachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden. Dúirt sé "nach bhfuil a ndóthain déanta ag Iosrael le lucht fóirithinte a choinneáil slán, lucht oibre atá ar a mbionda ag cuidiú le sibhialtaigh" agus d’éiligh sé "fiosrú gan mhoill".[10]
  • "Ionsaí gan scrupall" a bhí ann a dúirt an tArdRúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres "ach toradh é nach féidir a sheachaint sa slí ina bhfuil an cogadh á stiúradh".
  • Bhí an t-ionsaí a rinne aerfhórsa Iosrael cáinte go láidir ag Ard-Ionadaí de chuid an Aontais Eorpaigh, Josep Borrell. Chuir sé an milleán ar Iosrael faoinar tharla. D'iarr sé go gcuirfí fiosrúchán ar bun láithreach: "Cáinim an t-ionsaí agus éilím go bhfiosrófaí é. D’ainneoin na n-achainíocha ar fad go dtabharfaí cosaint do shibhialtaigh agus d’oibrithe daonnúla, seo tuilleadh daoine neamhchiontacha maraithe,”
  • Dúirt Príomhfheidhmeannach WCK, Erin Gore. 'Ní amháin gur ionsaí é seo ar WCK, is ionsaí é ar na heagraíochtaí daonchabhracha ar fad atá ag iarraidh bia a chur ar fáil ag láithreacha an uafáis'. 'Tá a leithid do-mhaite' a dúirt sé.
  • Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go gcaithfí “freagracht iomlán” a ghlacadh as an ionsaí agus gur léirigh an tubaiste “a riachtanaí atá sé go mbeadh sos comhraic ann láithreach chun sibhialtaigh a chosaint agus saorchead a thabhairt cúnamh daonnúil a riaradh”.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn 7 D.F 2023 go 2 Aibreán 2024, chuir Iosrael líomhaintí i leith UNRWA / Áisíneacht na Náisiún Aontaithe ar son Theifigh na Palaistíne[11] (ANATP), agus maraíodh 176 fostaithe de chuid UNRWA.[12] Dúirt Iosrael go raibh sé ag teastáil eagraíochtaí eile a chur i bhfeidhm, mar shampla WCK. Ach i ráiteas ón gcarthanacht WCK, dúradh go raibh siad ag éirí as a gcuid oibre faoi láthair mar gheall ar “an ionsaí a dhírigh Iosrael” orthu. D'fhill an long fóirithinte an Jennifer de chuid WCK ar an gCipir agus 240 tonna ábhair fós ar bord aici.[7]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Gaza faoi imshuí le fada ag Iosrael agus bhí dianghlasáil déanta ar an stráice cúng ó thosaigh an ghéar-chogaíocht in 2023.[7] Chuir Iosrael Gaza faoi léigear agus tharla gorta in 2024.

Scaoil Iosrael le carr de chuid WCK ar 30 Máirt 2024; tháinig an tiománaí slán as an ionsaí.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nick Waters (2024-04-02). "Strike That Killed World Central Kitchen Workers Bears Hallmarks of Israeli Precision Strike" (en-GB). bellingcat. Dáta rochtana: 2024-04-03.
  2. 2.0 2.1 2.2 Yaniv Kubovich (2 Aib 2024). "IDF Drone Bombed World Central Kitchen Aid Convoy Three Times, Targeting Armed Hamas Member Who Wasn't There". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-04-02. Dáta rochtana: 2024.
  3. 3.0 3.1 "Tubaiste ‘neamhbheartaithe’ a bhí i marú oibrithe cabhrach in Gaza – Netanyahu" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-04-02). Dáta rochtana: 2024-04-03.
  4. Conradh na Gaeilge, Londain (6 Aibreán 2024). "‎Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-04-06.
  5. "AGM-114 Hellfire" (as en) (2024-03-27). Wikipedia. 
  6. "Kinetic energy weapon" (as en) (2024-02-02). Wikipedia. 
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 Nuacht RTÉ (2024-04-03). "'Botún tromchúiseach' marú lucht fóirithinte i nGaza - Iosrael" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2024-04-02). "An t-ionsaí ar fheithiclí WCK cáinte go láidir ag Josep Borrell" (as ga-IE). 
  9. "Tubaiste ‘neamhbheartaithe’ a bhí i marú oibrithe cabhrach in Gaza – Netanyahu" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-04-02). Dáta rochtana: 2024-04-03.
  10. 10.0 10.1 Nuacht RTÉ (2024-04-03). "'Botún tromchúiseach' marú lucht fóirithinte i nGaza - Iosrael" (as ga-IE). 
  11. nó Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Lucht Dídine agus Oibreacha (BEO EAGRÁN 96 · AIBREÁN 2009) nó Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (dfa.ie)
  12. "UNRWA says 176 of its staff killed since start of Gaza war" (en). anews. Dáta rochtana: 2024-04-03.