Iarnród Dhún Pádraig agus Chontae an Dúin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Iarnród Dhún Pádraig agus Chontae an Dúin
Íomhá
Sonraí
CineálIarnród oidhreachta
Cuid delist of heritage railways in Northern Ireland (en) Aistrigh
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae an Dúin, Northern Ireland
SuíomhMarket Street, DOWNPATRICK, County Down, BT30 6LZ
Map
 54°19′34″N 5°43′19″W / 54.326°N 5.722°W / 54.326; -5.722
Suíomh gréasáin oifigiúildownrail.co.uk

Is é an t-Iarnród Dúin Pádraig agus Contae an Dúiniarsmalann iarnróid atá suite i nDún Pádraig, Contae an Dúin, Tuaisceart Éireann. Is é an t-aon iarsmalann iarnróid leathan amháin in Éirinn é. Tá trí mhíle ráille ag an iarnród, a thosaínn ag an stáisiún i mbaile mór Dúin Pádraig agus ritheann go dtí Mainistir na hInse ó thuaidh, agus go dtí uaigh Magnus III, Rí Lochlann ó theas.[1]

Stáisiún Dola Dúin Pádraig, tógadh sa bhliain 1892

Is leis an iarnród bailiúchán mór galinneall, inneall díosal, agus carráistí ón 1860idí go dtí na 1980idí.[2] Oibrítear an t-iarnród ar fad ag saorálaithe, a athchóiríonn agus thugann aire do rothstoc agus dhéantáin na hiarnróid.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an iarsmalann ar an áit ina raibh Iarnród Bhéal Feirste agus Contae an Dúin, a chuaigh idir Béal Feirste, Dún Pádraig, agus an Caisleán Nua. Dúnadh an t-iarnród go dtí Dún Pádraig i 1950, agus baineadh na ráillí ón líne i 1953.

Sna 1980idí, bhunaigh ailtire áitiúil Gerry Cochrane cumann saorálach chun cuid den iarnród a atógáil. Athchóiríodh an líne go dtí Stáisiún Dola Dúin Pádraig, míle amháin amuigh ó Dhún Pádraig; osclaíodh an t-iarnród nua i 1987. Síneadh an líne go dtí Stáisiún Uaighe Rí Magnus i 1995, agus go dtí Stáisiún Mhainistir na hInse i 2005.

Rothstoc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí ghalinneall umar ag an iarnród: uimhreacha 1, 3, agus 90. Tógadh Uimh. 1 agus 3 ag Orenstein & Koppel le linn na 1930idí sa Ghearmáin le haghaidh ag siúntadh ar son Chomhlacht Siúicre Éireann. Tógadh uimhir 90 in Inse Chóir ag Mór-Iarnród an Deiscirt agus an Iarthair sa bhliain 1875 – is é an dara hinneall traenach is sine in Éirinn é.

Freisin, tá ocht n-inneall díosail i nDún Pádraig – is leis an iarnród trí cinn acu, agus is le Grúpa Tarraingthe na hÉireann cúig cinn acu.

Galinneall O&K Uimh. 3 ag an mbothán comharthaí i nDún Pádraig, 2005

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Downpatrick & County Down Railway" (en-GB). Downpatrick & County Down Railway. Dáta rochtana: 2023-01-30.
  2. "Rolling stock" (en-GB). Downpatrick & County Down Railway. Dáta rochtana: 2023-01-30.