Iarla Ó Muirthile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIarla Ó Muirthile
Beathaisnéis
BreithBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpíobaire, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí sean-nóis agus píobaire é Iarla Ó Muirthile a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath, agus is ann atá sé ina chónaí. Tá a mhuintir fréamhaithe i saol na Gaeilge agus bhí a thuismitheoirí, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Liam Ó Muirthile, an-ghníomhach i gcúrsaí litríochta. Ba é a athair a chuir ag amhránaíocht ar dtús é agus a spreag a shuim sna hamhráin. Bhuaigh Iarla duaiseanna ag Feiseanna agus Fleánna éagsúla agus é ina bhuachaill óg agus chothaigh múinteoirí ar nós Máire Ní Choilm a spéis san amhránaíocht. Mar dhuine fásta ní bhíodh Iarla ach ag góilín sa bhaile ar feadh i bhfad ach le blianta beaga anuas tá sé tar éis páirt a ghlacadh in imeachtaí ceoil i mBaile Átha Cliath agus timpeall na tíre. Glacann sé páirt i seisiún Amhránaithe an Chlub agus An Góilín (club amhránaíochta) agus i seisiúin eile san ardchathair. Bhain sé duais don tríú háit ag Oireachtas na Samhna 2022 agus don dara háit sa bhliain 2023 (Comórtas na bhFear faoi 35). Baineann na hamhráin atá aige le traidisiún saibhir na Mumhan agus is breá leis taighde a dhéanamh ar na seanamhráin agus leaganacha éagsúla a lorg. Is múinteoir é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]