IRAS

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
IRAS (Infrared Astronomical Satellite)

Ba é IRAS an chéad réadlann ar bhord satailíte a ceapadh le suirbhéireacht a dhéanamh ar an radaíocht infridhearg ar fud na spéire. Seasann na litreacha IRAS do na focail Bhéarla Infrared Astronomical Satellite, is é sin, Satailít Infridhearg Réalteolaíochta. Is éard atá i gceist leis an infridhearg ná an cineál radaíochta atá suite idir na radathonnta (na tonnta raidió) agus an solas infheicthe ó thaobh an tonnfhaid de. Mar theas a aithníonn an duine an radaíocht infridhearg.

Scaoileadh an tsatailít seo chun bóthair ar an 25 Eanáir 1983 agus chaith sí deich mí ag suirbhéireacht na spéire. Ba iad údarás spáis na Stát Aontaithe (NASA), Institiúid na hÍsiltíre um Fhorbairt na nEitleán agus na Spáseitilte (NIVR, Nederlandse Instituut voor Vliegtuigontwikkeling en Ruimtevaart - tháinig NSO, nó Netherlands Space Office, Oifig Spáis na hÍsiltíre, ina háit idir an dá linn), agus Comhairle Taighde Eolaíochta agus Innealtóireachta na Ríocht Aontaithe (Science and Engineering Research Council nó SERC) a chuaigh le chéile leis an tsatailít seo a fhorbairt agus a chur ag obair.

D'aithin an réadlann satailíte seo breis is dhá chéad caoga míle d'fhoinsí radaíochta infridheirge ar an spéir, agus í ag suirbhéireacht na spéire ag tonnfhaid 12, 25, 60, agus 100 micriméadar (is ionann 1000 micriméadar agus aon mhéadar amháin). Is iomaí foinse acu nach bhfuil a fhios againn go fóill cén cineál réad atá ann. Glactar leis gur réaltraí réaltroisteacha iad a lán de na foinsí seo, is é sin réaltraí ina mbíonn réaltaí nua ag teacht chun saoil go tiubh. Cuid eile de na réid a d'aithin an tsatailít, creidtear gur réaltaí iad a bhfuil diosca mór dusta ina dtimpeall - diosca den chineál a bheidh ina shíol do phláinéid nua. Bhí an tsatailít in ann diosca den chineál seo a aithint timpeall ar Vega, an réalta is gile i réaltbhuíon na Lire.