Hipirchiúb (matamaitic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, analóg cheathairthoiseach ciúib. I gciúb tagann 4 aghaidh chearnach le chéile ag gach stuaic, ach i hipirchiúb tagann 4 chiúb le chéile ag gach stuaic. Chun ciúb a tharraingt ar páipéar, is gá an ciúb tríthoiseach a léiriú ar dhromchla déthoiseach. Chun hipirchiúb a tharraingt ar páipéar, is gá an hipirchiúb ceathairthoiseach a léiriú ar pháipéar déthoiseach. Sa léiriú seo, tugann gach ciúb aghaidh ar 6 cinn eile, agus tagann 4 chiúb le chéile ag gach stuaic. Sa léiriú bíonn ciúb amháin mór, ciúb eile beag, agus cuma pirimidí barrscoite ar na 4 cinn eile.