Henrietta Swan Leavitt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réalteolaí a saolaíodh i Lancaster, Massachusetts ab ea Henrietta Swan Leavitt (1868-1921). Rinne sí taighde ar fhótaiméadracht fhótagrafach agus, i 1912, léirigh an gaol idir lonrachas is a thréimhsiúlacht sna réaltaí athraitheacha Ceifide. Ba bhunúsach an saothar seo i ndéanamh amach scála faid don Chruinne.