Harry Reid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Harry Reid

Is polaiteoir Meiriceánach é Harry Mason Reid, a rugadh ar 2 Nollaig 1939. Is ball é de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh i Seanad na Stát Aontaithe ar son stát Nevada agus é in oifig ón bhliain 1987 anuas. Seanadóir sinsearach an stáit atá ann. Ceannaire an Mhóraimh sa Seanad atá in Reid ón bhliain 2007 i leith. Bhí sé ina bhall de Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe roimhe sin, ar son an chéad cheantar Chomhdhála i Nevada. Roimhe sin siar arís bhí meascán de phoist ag Reid a bhain le rialú áitiúil nó stáit i Nevada, mar atá, aturnae na cathrach in Henderson, Nevada; ionadaí i dteach an stáit; leasghobharnóir; agus cathaoirleach ar Choimisiún um Chearrbhachais Nevada.

Rugadh Harry Reid in Searchlight, Nevada. Ba é Reid an tríú mac as ceathrar ag Inez Orena Jaynes, bean níocháin, agus Harry Vincent Reid, mianadóir. Bhí saol garbh simplí acu, nó ní raibh leithreas, uisce te, ná guthán sa teach. Le bheith ábalta freastal ar an meánscoil, bhí ar Reid dul chun lóistín ag cuid dá mhuintir i Henderson, 40 míle slí ó Searchlight. D’imir sé peil Mheiriceánach ansin agus bhí sé ina dhornálaí amaitéarach chomh maith. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Southern Utah University agus Utah State University. Bhain sé céim as an dara scoil seo agus thug sé a aghaidh ar Washington, D.C.. D’fhreastail sé ar an scoil dlí ag Ollscoil George Washington ansin agus eisean ag obair do Phóilíní Chaipeatól na Stát Aontaithe (United States Capitol Police) ag an am céanna. I ndiaidh dochtúireacht sa dlí a fháil ón scoil sin, d’fhill sé go Nevada.

D’fhreastail Reid i dTeach na nIonadaithe i Washington, D.C. ar feadh dhá théarma, ó 1983-87. Toghadh é mar sheanadóir sa bhliain 1986 agus thosaigh an chéad téarma úd an bhliain ina dhiaidh sin. Bhí comórtas géar aige sa toghchán sa bhliain 2010 ach d’éirigh leis an bua a fháil ar an iarrthóir Poblachtach, Sharron Angle.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]


 

Seanadóirí reatha na Stát Aontaithe

AL: Shelby , Sessions
AK: Murkowski , Begich
AZ: McCain, Flake
AR: Boozman, Pryor
CA: Feinstein, Boxer
CO: Udall, Bennet
CT: Murphy, Blumenthal
DE: Carper, Coons
FL: Nelson, Rubio
GA: Chambliss, Isakson

HI: Schatze, Hirono
ID: Crapo, Risch
IL: Durbin, Burris
IN: Lugar, Bayh
IA: Grassley, Harkin
KS: Brownback, Roberts
KY: McConnell, Bunning
LA: Landrieu, Vitter
ME: King, Collins
MD: Mikulski, Cardin

MA: Warren, Markey
MI: Levin, Stabenow
MN: Klobuchar, Franken
MS: Cochran, Wicker
MO: McCaskill, Blunt
MT: Walsh, Tester
NE: Johanns, Fischer
NV: Reid, Heller
NH: Shaheen, Ayotte
NJ: Booker, Menendez

NM: Udall, Heinrich
NY: Schumer, Gillibrand
NC: Burr, Hagan
ND: Hoeven, Heitkamp
OH: Brown, Portman
OK: Inhofe, Coburn
OR: Wyden, Merkley
PA: Specter, Casey
RI: Reed, Whitehouse
SC: Graham, Scott

SD: Johnson, Thune
TN: Alexander, Corker
TX: Hutchison, Cornyn
UT: Hatch, Bennett
VT: Leahy, Sanders
VA: Warner, Webb
WA: Murray, Cantwell
WV: Manchin, Rockefeller
WI: Kohl, Feingold
WY: Enzi, Barrosso

Poblachtach (45) | Daonlathach (53) | Duine gan pháirtí (2)