Hans Lippershey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Líomhadóir Ollannach lionsaí, a rugadh i Wesel na Gearmáine ab ea Hans Lippershey (c 1570-1619). Luaitear é mar cheapadóir an teileascóip de bhrí gur tháirg sé ionstraim do rialtas na hOllainne i 1608 a bhí cosúil le teileascóp athraonta an lae inniu. Go luath ina dhiaidh sin rinne daoine eile ionstraimí den saghas céanna, Galileo ina measc.