Hagia Sofia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Baisleac Naomh Sadhbh, sársaothar na hailtireachta Biosántaí a tógadh i 532-7 in Iostanbúl (Cathair Chonstaintín ag an am). D'údaraigh an tImpire Iúistinian I an togra, agus dhear Aintéimias Thrailléas is Iseadór Mhiléatas an bhaisleac ollmhór chruinneachánach, maisithe go flúirseach. Nuair a ghabh na Turcaigh Otamánacha an chathair i 1453 rinne siad mosc di. Ó 1935 is músaem í.