Miléatas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathair den tSean-Ghréig ab ea í Miléatas. Tá na fothracha suite ar an Mhuir Iónach, sa Tuirc an lae inniu. Chaith athair na heolaíochta, Tailéas, a shaol ann, chomh le heolaithe tábhachtacha eile ar nós Anacsamandar agus Anacsaméineas. Ba cheann de dhá chathair dhéag na Léige Iónaigh í.
Shaor Alastair Mór an chathair ó na Peirsigh sa bhliain 334 R.Ch. Tá tagairt don chathair sa Tiomna Nua den Bhíobla mar an áit inar bhuail Naomh Pól le seanóirí eaglais Eifeasais roimh go gabhadh é agus a thaisteal go dtí an Róimh.
Bhí cuan tábhachtach sa chathair le linn a ré órga ach líon sé le siolta agus sa lá atá inniu ann tá fothracha na cathrach deich gciliméadar ón mhuir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.