Hadrón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhfisic cháithníní, is éard is Hadrón ann (Sean-Ghréigis:ἁδρός, hadrós , "storrúil, tiubh") ná cáithnín déanta de chuarcanna, coinnithe le chéile ag an bhfórsa láidir (sa dul céanna, is a mbíonn móilíní á gcoinneáil le chéile ag lucht leictreach ). Bíonn hadróin rangaithe ina dhá theaghlach: baróin (déanta de thrí cuarc), agus méasóin (déanta as cuarc amháin agus frithchuarc amháin).

Is iad an dá chineál hadrón is aithnidiúil ná prótóin agus neodróin (dís ina bharóin), agus bíonn fáil orthu sa núicléas adamhach. Bíonn na hadróin go léir, seachas prótóin, éagobhsaí agus tagann meath ar a gcáithníní - bíonn neodróin, áfach, cobhsaí nuair a fhaightear iad taobh istigh den núicléas adamhach. Is iad na cineálacha méasón is aitheanta na pióin agus céóin, thángthas orthu i rith turgnamh gha chosmaigh, sna 1940í déanacha agus go luath sna 1950í. Tá líon mór hadrón ann áfach- fionnadh cuid mór acu go dtí le déanaí.

Féadfar cineálacha eile hadrón a bheith ann, mar shampla teitreachuairc (nó, níos ginearálta, méasóin andúchasacha) agus peinteachuairc (baróin andúchasacha), ach níl bhfuarthas aon fhianaise chinntitheach gur ann dóibh fós.

Tagairtí[athraigh | edit source]