Méasón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí CáithnínMéasón
Rangúhadrón, bósón agus mixed matter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíidirghníomhú láidir agus imtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
Frithcháithnínméasón Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is méasón ann ná hadrón atá déanta as cuarc amháin agus aon fhrithchuarc, ceangailte le chéile tríd an idirghníomhú láidir. De thoradh ghuairní na gcuarc ní foláir do mhéasón guairne shlánuimhreach a bheith aige, agus mar sin is bósón é. Is é an píón an méasón is coitianta agus is cáiliúla, agus ceaptar gur trí mhalartí píón a bhíonn núicléóin greamaithe le chéile laistigh de núicléas. Cé go dtugtaí "mú-mhéasón" ar an muón tráth, ní méasón é sin in aon chur, ach leaptón.