Grozny

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grozny
Грозный (Rúisis)
Соьлжа-ГIала
(Seisnis)
Grozny

Grozny sa bhliain 2011

Suíomh

43°19′ Thuaidh 45°41′ Thoir

Rialtas
Tír: An Rúis
Poblacht: An tSeisnia
Méara: Muslim Khuchiyev
Déimeagrafaic
Achar: - km²
Daonra: 226,101 (2008)
Crios ama: UTC+3/+4

Is í Grozny (Rúisis: Грозный; Seisnis: Соьлжа-ГIала, Sölƶa-Ġala) príomhchathair na Seisnia is ea Grozny. Tá an chathair suite i ndeisceart na Rúise, cois Sunzha. Dar le daonáireamh na bliana 2002, bhí cónaí ar 210,720 daoine sa chathair. Sa bhliain 2008 bhí 226 101 duine ina gcónaí i nGrozny.

Stair[athraigh | edit source]

Dún[athraigh | edit source]

Bhunaigh na Rúisigh an chathair sa bhliain 1818 mar dhún cogaíochta. Tar éis an chogaidh fuair an áit stádas baile. Tháinig na mílte daoine go dtí an baile ar thóir ola. In 1897 ní raibh ach 15,600 ina gcónaí sa bhaile ach i 1913 bhí níos mó ná 30,000 ann.

Príomchathair réigiúin[athraigh | edit source]

Bhunaíodh cúige féinrialaitheach na Seisneach ar 30 Samhain 1922, agus roghnaíodh Grozny mar phríomhchathair uirthi. Ba Rúisigh iad formhór mhuintir Grozny, ach bhí líon na Seisneach ann ag méadú agus iad ag teacht isteach ón réiigiún máguaird. Thóg na húdaráis a lán tithe sa chathair agus osclaíodh ollscoil agus aerphort. Faoi 1989 bhí breis is 400,000 duine ina gcónaí sa chathair.

Daoine cáiliúla as Grozny[athraigh | edit source]

Óglach Seisneach in aice le Pálas an Uachtaráin i nGrozny, mí Eanáir 1995. Grianghraf ó Mikhail Evstafiev