Gnéasoideachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fearas gnéasoideachais sa Ghearmáin, 2021

Is éard atá i gceist le gnéasoideachas, nó oideachas gnéasachta, ná oiliúint faoi chúrsaí collaíochta, gnéis agus inscne, dírithe ar dhéagóirí go hiondúil.[1]

In Éirinn, de réir an FSS (HSE),[2] "Foghlaimíonn na daltaí cad a chiallaíonn sé a ngnéasacht a bhrath agus a chur in iúl sa chiall leathan iomlánaíoch. Cuid bhunúsach dár ndaonnacht is ea ár ngnéasacht. Áiríonn sé ár bhféiniúlacht inscne, ár gclaonadh gnéasach, ár gcaidrimh linn féin agus ár gcaidrimh le daoine eile."[3]

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Míshuaimhneas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá daoine míchompordach go minic ag cur oideachas gnéasachta ar dhaoine óga. Ní hamháin go bhfuil sofhriotail ann faoin ghníomh féin, ach tá roinnt nathanna doiléire ann fosta a úsáidtear le tagairt a dhéanamh don oideachas gnéasachta. Úsáidtear na sofhriotail seo - the birds and the bees nó *the facts of life *- chomh minic céanna, b’fhéidir, is a úsáidtear na cinn a bhaineann le gnéas féin.[4]

Staonadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Maîtresses d'Education Sexuelle", chun oideachas a chur ar na cáilíní roimh pósadh. Lucht Mandinka an Chósta Eabhair 

Uaireanta, sna Stáit Aontaithe go háirithe, cuirtear iallach ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus cuirtear béim ar staonadh ó ghnéas. Bunaithe ar léamh áirithe ar an Bhíobla, tá gealltanas staonadh ó ghnéas roimh phósadh mar airteagal lárnach de chuid na Críostaíochta le fada.[4][1]

Gnéasoideachas in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2023, d'fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM nó NCCA i mBéarla) dréachtchuraclam Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte don tsraith shinsearach.[5][6] Is é an spriocgo mbeadh an clár nua á theagasc i scoileanna faoi Mheán Fómhair 2024.

Tarraingíonn na moltaí conspóid, go háirithe "Ba cheart gach ceann de na torthaí foghlama in íochtar a mhúineadh ar bhealach ina ndéantar aitheantais, caidrimh agus teaghlaigh LADTA+ a chur san áireamh..."

Mar chuid den mhír ar Chaidrimh agus Gnéasacht, beifear ag súil go ndéanfaidh daltaí sa gcúigiú agus sa séú bliain iarbhunscoile “plé ar an ngníomhaíocht ghnéasach mar chuid de chaidrimh an duine fhásta arb iad an cúram, an meas, an toil, an caidreamh collaí agus pléisiúr a thabhairt dá chéile a chomharthaí sóirt”.

Gnéasoideachas i dTuaisceart Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alliance, an SDLP, An Páirtí Glas agus Pobal seachas Brabús i bhfách le gnéasoideachas riachtanach a bhfuil bun fírinne leis.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Alex Hijmans (6 Nollaig 2023). "TUARASCÁIL ÓN mBRASAÍL: B’oscailt súl don bheirt againn an seastán gnéis i lár an aonaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-07.
  2. "Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte" (as ga) (2023-11-20). Vicipéid. 
  3. Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte / FSS nó HSE. "Oideachas Caidrimh agus Gneasachta 1". Dáta rochtana: 2023.
  4. 4.0 4.1 Mary Beth Taylor (EAGRÁN 35 · MÁRTA 2004). "An t-oideachas cuimsitheach gnéasachta faoi ionsaí i Meiriceá (Cuid 1)" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-12-06.
  5. ncca.ie (2023). "Dréachtsonraíocht Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sinsearaí : Le haghaidh comhairliúcháin (pdf)". Dáta rochtana: 2023.
  6. ncca.ie (2023). "Dréachtsonraíocht OSPS na Sraithe Sinsearaí : Le haghaidh comhairliúcháin (docx)". Dáta rochtana: 2023.
  7. Cliodhna Ní Mhianáin (6 Bealtaine 2022). "Le misneach na hóige a chaith mé mo vóta den chéad uair riamh inné" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-06.