Gluais Téarmaí Aistriúcháin agus Teangeolaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is Gluais Téarmaí Aistriúcháin agus Teangeolaíochta é seo.

Ainm aicmeach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focal ginearálta a chuimsíonn na focail eile i réimse séimeantach. Mar shampla, cuimsíonn an focal ginearálta CAINT focail níos sainiúla mar ‘comhrá’, ‘cogarnach’, sampla eile ná 'miotal' a chuimsíonn focail eile ar nós 'iarann' agus 'cruach'.

Béarla: superordinate.


Aistriúchán dílis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cur chuige aistriúcháin ina dtugtar ciall an téacs fhoinsigh slán, oiread agus is féidir, agus ina gcloítear le comhréir an téacs fhoinsigh oiread agus is féidir. Is é an difear is mó idir é agus an t-aistriúchán litriúil ná go dtugtar aird ar choinbhinsiúin na sprioctheanga chomh maith.

Aistriúchán follasach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cur chuige nach n-úsáidtear ach go fíorannamh na laethanta seo ach a bhí coitianta seal i measc aistritheoirí Bíobla. Cuirtear téacs aistrithe ar fáil atá chomh mór sin faoi thionchar na teanga foinsí agus gur léir gur aistriúchán atá ann.


Aistriúchán idirlíneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cur chuige aistriúcháin ‘focal ar fhocal’, m.sh. ‘Tá aithne agam ar Shíle’ / Is knowing at me on Síle. Is i réimse na teangeolaíochta (chun difríochtaí comhréire idir teangacha a léiriú) a úsáidtear an cur chuige seo de ghnáth.

Ta(Tá) un skeeal(scéal amháin) v'er ny(a bhí á) insh(insint) dou(dom) liorish(ag) my naim(m'uncail) ó 'Skeealaght', scéalta ón Manainnis maille le haistriúchán idirlíneach ó Kevin Scannell.

An t-aistriúchán liteartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

An t-aistriúchán a dhéantar ar úrscéalta, ar dhrámaí, ar fhilíocht nó ar shaothar ar bith a bhfuil an fhoirm barrthábhachtach ann.


Aistriúchán litriúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cur chuige aistriúcháin ina dtugtar tús áite do chiall, do chomhréir agus do ghnás na teanga foinsí, fiú má sháraíonn sin coinbhinsiúin na sprioctheanga.


An t-aistriúchán pragmatach[cuir in eagar | athraigh foinse]

An t-aistriúchán a dhéantar ar théacsanna neamhliteartha, m.sh. tuarascálacha bliantúla, bileoga eolais, fógraí.


Aonchiallach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focal a chuireann coincheap amháin in iúl agus nach bhfuil aon débhríocht ann, m.sh. ‘teileafón’ nó 'arócar' - 'monkey-puzzle' i mBéarla.


Aonchiallachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gan níos mó ná ciall amháin a bheith le focal. Béarla: monosemy.


Athluaiteachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Locht stíle ina ndéantar an coincheap céanna a athrá i bhfocail éagsúla, m.sh. ‘Bhí an gloine folamh agus ní raibh faic inti.’ Chosnaigh sé €20 euro. Béarla: tautology.


Béarlachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Róthionchar an Bhéarla ar an nGaeilge. Trasnáil ón mBéarla go Gaeilge. M.sh 'Tháinig sé as an ngorm' in áit 'tháinig sé gan choinne' mar leagan le 'It came out of the blue' a rá.


Béarlagair[cuir in eagar | athraigh foinse]

(1) Friotal agus téarmaíocht shainiúil a úsáidtear i measc lucht ceirde nó gairme. (2) Téarmaí a bhain le réimse saoil ar leith ach atá anois in úsáid ghinearálta mar mheafair, m.sh. acid test, critical mass. Cinn ó shaol an airm iad 'to open fire' agus 'shoot from the hip.'

Béarla: jargon.


Bearna shéimeantach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Easnamh nó míréir idir teangacha, m.sh. is deacair don Ghaeilgeoir coincheapa áirithe sa Bhéarla a chur in iúl, m.sh. promotional, soft drink. nó 'siblings' is 'decades' Chuirfí a leithéid i gciall trí 'deartháireacha is deirfiúracha' is 'na blianta fada' a rá.

Béarla: semantic gap.


Caillteanas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téarma ginearálta ar na gnéithe den téacs foinseach nach féidir a thabhairt slán san aistriúchán.

Caillteanas foirme[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn caillteanas foirme ann nuair nach féidir foirm an téacs fhoinsigh a thabhairt slán san aistriúchán, m.sh. ní féidir ‘ní hé lá na báistí lá na bpáistí’ a aistriú go Béarla agus an chomhfhuaim idir ‘báistí’ agus ‘bpáistí’ a choimeád. Sampla eile a bhí sa nuacht le tamall ná 'dúirt bean liom go ndúirt bean léi' rá a chailleann a chuid nirt ar fad nuair a thiontaítear go Béarla é, toisc nach féidir an uaim idir 'liom agus 'léi' a choinneáil.


Caillteanas tagrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn caillteanas tagrach ann nuair nach féidir tagairtí cultúrtha sa téacs foinseach a thabhairt slán san aistriúchán, m.sh. ní féidir focail mar sidewalk, faucet a chomharthú mar fhocail a bhaineann le Béarla Mheiriceá Thuaidh seachas Béarla na hÉireann. Is deacair tagairtí cultúrtha ó Bhéarla Shasana a thabhairt slán san aistriúchán, mar shampla 'geezer'. Ní thuigfí bunbhlas Sasanach an fhocail sna haistriúcháin seo ar 'Old geezer', 'seanbhuachaill', 'seanchailleach'.


Calque (lomaistriúchán)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focal nó leagan a aistriú díreach ó theanga eile, m.sh. reduced price / ‘praghas laghdaithe’. Is minic gur locht ar an aistriúchán é sin, nuair atá leaganacha seanbhunaithe sa sprioctheanga cheana, m.sh. ‘lascaine’ agus ‘lacáiste’.

Tá 'lámhráille' in úsáid mar aistriúchán ar Bhusanna Bhaile Átha Cliath, b'fhearr 'ráille' leis féin.

Canúint aonair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuiscint phearsanta an chainteora ar an teanga. Ní i gcónaí a bhíonn an tuiscint sin ag teacht le tuiscint phobal labhartha na teanga de réir mar a thuairiscítear sin i bhfoclóirí, i ngráiméir srl. Tugann sé saoirse áirithe don scríbhneoir, abair a bheith ag caint ar 'fite fuaiteachas' nó focail eile a chumtar ach atá de réir thraidisiún na teanga fós.

Béarla: idiolect.


Carnadh comhchiallach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cleas stíle ina gcuirtear le chéile sraith focal atá ar aon chiall, nó gar do bheith ar aon chiall, m.sh. No one can force, compel, or browbeat you into a decision.

‘To progress, develop and work on this policy.’


Castacht shéimeantach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn castacht shéimeantach ann nuair is deacair focal/leagan simplí sa teanga fhoinseach a aistriú isteach sa sprioctheanga gan dul i muinín roinnt focal/leaganacha chun an chiall a iomlánú. I gcás audience mar shampla, d’fhéadfadh ‘lucht féachana’, ‘lucht éisteachta’ nó fiú ‘lucht léitheoireachta’ bheith i gceist, ag brath ar an gcomhthéacs.


Coibhéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhionannas nó inmhalartacht idir focail/nathanna.

Béarla: Equivalence.


Coibhéiseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

A bheith comhionann nó inmhalartaithe. Tá coibhéis fhoirfe idir ‘scáileán’ agus screen, cuir i gcás nó idir ‘bósón’ agus ‘boson’.


Coincheap neamhléacsaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coincheap is féidir a chur in iúl le focal/leagan sa teanga fhoinseach ach nach bhfuil aon fhocal cumtha air sa sprioctheanga fós. Is sa téarmaíocht is mó a thagann an fhadhb aistriúcháin seo aníos.

Béarla: non-lexicalized concept.


Coincheap sainchultúrtha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coincheap nach féidir (nó ar deacair) é a chur i bhfriotal sa sprioctheanga. Is minic a aistrítear le parafrása é, m.sh. ‘fáinne’ / ring-shaped badge worn by those wishing to be identified as Irish-speakers, nó 'Gaeltacht' Irish-speaking district.


Comhainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhainmneacha is ea focail a litrítear mar a chéile ach a bhfuil ciall agus sanas ar leith acu, m.sh. ‘fraoch’ = heather agus ‘fraoch’ = fury. Sampla ná an focal 'eo' a chiallaíonn 'bradán' m.sh Maigh Eo agus 'eo' a chiallaíonn 'an t-iúr'.

Béarla: homonym.


Comhaonad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focail a úsáidtear i gcomhluadar a chéile de thoradh úsáide agus gnáthaimh, m.sh. teipeann glan ar rudaí, bíonn fearadh na fáilte roimh dhaoine. Déanann ‘glan’ comhaonad le ‘teip’ agus déanann ‘fearadh’ comhaonad le ‘fáilte’. Sampla eile is ea ‘cianta’ agus ‘cairbreacha’, ní hannamh do na cianta a bheith cairbreach.


Comhchiallach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhciallach is ea focal atá ar aon chiall, nó beagnach ar aon chiall, le focal eile, m.sh. ‘fanacht’ agus ‘feitheamh’ nó 'cabhair' is 'cuidiú'.


Comhchiallachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ionannas nó gaireacht céille idir focail éagsúla.

Béarla: synonymy.


Comhéifeacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Prionsabal na comhéifeachta.


Cómhinicíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Prionsabal na cómhinicíochta.


Comhréir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagar, nó leagan amach, na bhfocal agus na moirféimeanna in abairt nó in aonad teanga.

Béarla: syntax.


Cothromú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teicníc a úsáidtear san aistriúchán dílis agus go mór mór sa saoraistriúchán. Déantar an téacs foinseach a mhionathrú chun freastal ar choinbhinsiúin na sprioctheanga. Féach, mar shampla, Understanding consumer behaviour / ‘Iompar Tomhaltóirí a Thuiscint’ (seachas ‘Ag Tuiscint Iompar Tomhaltóirí’). Sampla eile ná ‘Siopa na mBróg’ a chur ar ‘The Shoe Shop’ cé go mbeadh ‘An Siopa Bróg’ ceart ó thaobh na gramadaí. Is dúchasaí an tógáil eile.

An chritic aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirmheastóireacht ar théacsanna aistrithe, féachaint cén feabhas atá iontu mar aistriúcháin agus mar théacsanna sprioctheanga.

Débhríoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Débhríoch atá gach focal nó leagan a d’fhéadfaí a thuiscint ar níos mó ná slí amháin, m.sh. ‘an Garda fiosraithe’. An é go bhfuil fiosrú á dhéanamh ag an nGarda nó an é go ndearnadh fiosrú ar an nGarda?

Débhríocht chomhréire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athbhrí nó doiléire a eascraíonn as leagan amach na habairte, m.sh. If the baby does not thrive on raw milk, boil it. Sampla coitianta sa Ghaeilge is ea leithéidí 'An cat a d'ith an madra' Ní léir cé acu a rinne an ceann eile a ithe. D'fhéadfaí a leasú 'D'ith an cat an madra'.


Débhríocht léacsach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athbhrí nó doiléire a eascraíonn as na focail féin, m.sh. ‘Comhairleoir maith a bhí ann’ (adviser nó councillor?) Sa sampla 'Bhí sé in uachtar', ní léir cé acu chun tosaigh nó clúdaithe le huachtar bainne a bhí an duine.

Forluí séimeantach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn forluí séimeantach ann nuair a chuimsíonn focal i dteanga amháin ciall, nó cuid de chiall, dhá fhocal nó níos mó i dteanga eile. Tá forluí séimeantach idir ‘gorm’ na Gaeilge agus blue, green agus black an Bhéarla, mar shampla.


Friotal iomarcach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focail nó nathanna nach bhfuil aon fheidhm chumarsáide leo.

Béarla: redundant speech.


Hipainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focal sainiúil a chuimsítear i bhfocal níos ginearálta. Cuir i gcás, is hipainmneacha den réimse séimeantach FEITHICLÍ iad ‘bus’ agus ‘carr’. Is hipainmneacha den réimse séimeantach ÉAN iad ‘caróg’ agus ‘ceann cait’.

Béarla: hyponym.


An hipitéis mhíniúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toisc go mbíonn dualgas ar aistritheoirí ciall an bhuntéacs a thabhairt slán san aistriúchán, bíonn claonadh ann gach uile rud a bheadh ina údar míthuisceana nó doiléire a mhíniú go mion, m.sh. parafrása fada a úsáid in áit téarma, ar eagla nach dtuigfear an téarma. Cuir i gcás, ‘ábhair a chóipeáil ón nGréasán chun do ríomhaire féin’ in áit ‘íoslódáil’. Sampla ná 'Gaeltacht' a aistriú mar 'Irish-language district' i gcáipéis stáit a dtuigfeadh an dream ar fad a bheadh ag plé leis a bhfuil i gceist le 'Gaeltacht'.

Béarla: The explication hypothesis.


Idióileict[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Canúint aonair.


Idirdhealú céille[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní hionann mar a chuirtear miondifríochtaí céille in iúl ó theanga go chéile. I mBéarla, mar shampla, grádaítear teocht uisce idir hot, warm agus lukewarm. Is deacair do lucht na Gaeilge an t-idirdhealú céille idir hot agus warm a dhéanamh, ach ‘te’ a úsáid sa dá chás.


Ilchiallach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focal amháin a bhfuil cialla éagsúla leis. Bíonn na cialla sin gaolta dá chéile, mar atá i gcás ‘bonn’ sna habairtí seo a leanas: 1. 'bonn' = coin. Níl bonn fágtha agam 2. bonn = medal. Bhuaigh sí bonn.


Ilchiallachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cialla éagsúla a bheith in aon fhocal amháin agus na cialla sin a bheith gaolta dá chéile.

Béarla: polysemy.

Leagan malartach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceann ar bith de na leaganacha a thugtar in Foclóir Gaeilge–Béarla le crostagairt don leagan caighdeánach, m.sh. blogam = BOLGAM. Is é ‘blogam’ an leagan malartach. Sampla eile den mheiteatéis is ea 'coisméig' arb é 'coiscéim' an bunleagan.


Logánú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Earra nó táirge (go háirithe clár ríomhaireachta) a aistriú nó a oiriúnú le haghaidh limistéir nó pobal teanga ar leith.

Meafar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cleas reitrice ina ndéantar rud amháin a ionannú le rud eile chun cosúlachtaí eatarthu a léiriú, m.sh. ‘crann mná’ i.e. bean atá chomh mór/láidir le crann.

Meafar bunaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meafar atá in úsáid le tamall anuas. Is minic gur béarlagair lucht ceirde nó gairme a bhíonn ann, m.sh. genetic engineering, is é sin géinte a shaothrú mar a shaothródh innealtóir meicníocht éigin.

Meafar reoite[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meafar atá chomh seanbhunaithe sin nach n-aithnítear mar mheafar é níos mó. Bíonn an chiall mheafarach níos treise ná an ghnáthchiall shéimeantach, m.sh. ‘fadhb’. Knot an chiall shéimeantach atá leis ach is problem is mó a thuigtear as na laethanta seo.


Meafar uathúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meafar úrnua a chruthaigh údar ar leith.

Béarla: unique metaphor.


Moirféim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mír urlabhra a bhfuil feidhm chéille nó ghramadaí léi agus nach féidir a bhriseadh síos nó a úsáid go haonarach. An t-aonad gramadaí is lú dá mbíonn ann a bhfuil ciall leis. Murab ionann agus focal níor ghá go bhféadfadh moirféim seasamh léi féin. Mar shampla, na foircinn 'ín' agus 'án' 'tigín', 'maolán'.

Nath foirmleach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leagan ar bith sa téacs foinseach a bhfuil aistriúchán seanbhunaithe ag freagairt dó sa sprioctheanga, m.sh. No later than Friday / ‘Tráth nach déanaí ná Dé hAoine’. Nó 'Made in Ireland' 'Éire tír a dhéanta'.

Neamhchoibhéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn neamhchoibhéis ann nuair nach féidir focal/leagan coibhéiseach a aimsiú sa sprioctheanga, m.sh. níl leaganacha Gaeilge ann atá coibhéiseach le téarmaí cruicéid mar 'fine square leg' agus 'silly mid-on'.

Nod[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhartha a thugtar i bhfoclóirí agus i liostaí téarmaíochta mar gheall ar an réimse saoil ina n-úsáidtear focal ar leith, m.sh. (Mil.) = Military, (Phil.) = Philosophy. (Pol.) = polaitíocht.

Parafrása[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focal/leagan amháin a aistriú le sainmhíniú sa sprioctheanga, m.sh. screenplay = script agus treoracha i gcomhair scannáin. Sampla eile ná 'clár féachana an ríomhaire' a thabhairt ar 'scáileán'.

Prionsabal na comhéifeachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Prionsabal a cheap an t-aistritheoir Meiriceánach Eugene A. Nida (1914–2011). Nuair nach féidir aistriúchán dílis a sholáthar nó focal/leagan coibhéiseach a aimsiú sa sprioctheanga, ba chóir aistriúchán a sholáthar a théann i bhfeidhm ar an léitheoir sa chaoi chéanna a dtéann an buntéacs i bhfeidhm ar léitheoirí na teanga foinsí.

Prionsabal na cómhinicíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Prionsabal a cheap an teoiricí Sasanach Peter Newmark. Ba cheart go mbeadh cómhinicíocht idir an focal/nath sa teanga fhoinseach agus an focal/nath a roghnaítear mar aistriúchán air. Más love atá le haistriú b’fhearr an focal coitianta ‘grá’ a úsáid seachas ‘cumann’ nó ‘ansacht’. Admhaíonn Newmark nach i gcónaí is féidir cloí leis an bprionsabal seo. Sampla eile ná 'rothar' a úsáid mar leagan ar 'bicycle' in áit 'badhsacail', 'baidhsilic' nó 'rothaidhe na glincidheachta'.

Béarla: frequency principle.

Réim[cuir in eagar | athraigh foinse]

(1) An fhoirm den teanga a úsáideann aicme shóisialta ar leith, pobal limistéir ar leith, lucht ceirde nó gairme ar leith. (2) Leibhéal foirmiúlachta teanga ó ‘íseal’ (m.sh. canúint réigiúnach, caint ghraosta) go dtí ‘ard’ (m.sh. friotal fileata, caighdeán náisiúnta). Tá réim ard ar leith den Ghaeilge in úsáid i Rannóg an Aistriúcháin a bhfuil gnéithe de Ghaeilge an Chéitinnigh 'Achtaítear ag an Oireachtas mar seo a leanas' inti.

Béarla: register.

Réimse dioscúrsa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gné den réim. An comhthéacs sóisialta ina bhfuil an dioscúrsa ar siúl, m.sh. úsáidtear ‘dul faoi scian’ sa ghnáthchaint ach seans go n-úsáidfeadh dochtúir focal mar ‘obráid’. Sampla eile an chaoi a mbaintear úsáid as 'an bád bán' nuair atáthar ag trácht i réim níos ísle ar choincheap na heisimirce.

Réimse séimeantach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Catagóirí ginearálta ina rangaítear focail a bhaineann le réimse saoil ar leith, m.sh. MOTHÚCHÁIN, CAINT. Roinntear na réimsí seo i gcatagóirí níos sainiúla ar a dtugtar tacair shéimeantacha.

Réimse úsáide[cuir in eagar | athraigh foinse]

An réimse saoil ina n-úsáidtear focail ar leith, m.sh. is é ‘aothú’ an téarma coibhéiseach a fhreagraíonn do emergency i gcomhthéacs míochaine agus is é ‘géarchéim’ an téarma coibhéiseach i gcomhthéacs na heacnamaíochta agus na polaitíochta. Sampla eile ná 'tine' a thagraíonn do thine bheag go hiondúil agus 'dóiteán' a thagraíonn do thinte ollmhóra a shlogfadh teach agus a mbeadh ar bhriogáid dóiteáin ag dul i ngleic leis.

Rócheartú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn rócheartú ann nuair a dhéanann cainteoir é féin a ‘mhícheartú’ trí mhíthuiscint ar rialacha nó ar choinbhinsiúin teanga. Roghnaíonn sé leagan lochtach éigin toisc é a bheith in amhras faoi cé chomh cruinn is atá a leagan féin. Mar shampla duine a d'éireodh as 'Dia dhuit' a rá agus 'Dia duit' a chur ina áit.

Béarla: hypercorrection.

Saintreorach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag iarraidh an córas teanga a leasú nó ag déanamh moltaí faoi conas ba chóir dó a bheith.

Béarla: prescriptive.

Sanas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinse nó bunús focail. Staidéar ar fhoinse nó bunús focail. Tá sanas Lochlannach le sraith d'fhocail sa Ghaeilge amhail bladar, ciotóg, cnaipe, coire, crapadh, cró (= bothán), dorú, fuinneog, iarla, lochta, meirge (= bratach), péatar, pingin, póca, pónair, práinn, punnann, ransú, rún, scaltán, scilligeadh, sciorta, scológ, scór, scréach, stáca, stiúir, stuaic, tráill, úir.

Béarla: etymology.

Saoraistriúchán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cur chuige aistriúcháin ina dtugtar tús áite don chumarsáid éifeachtach sa sprioctheanga fiú más gá imeacht a bheagán nó a mhórán ó chiall agus ó fhoirm an téacs fhoinsigh. Cleachtann Paul Muldoon an saoraistriúchán agus é ag obair ar leaganacha de dhánta Nuala Ní Dhomhnaill. Sliocht sa dá theanga thíos as 'Mo Mháistir Dorcha'.

Táimse in aimsir ag an mBás, eadrainn tá coinníollacha tarraichthe. Réitíomair le chéile are feadh tréimhse is spás aimsire, achar roinnt bliana is lae mar a cheapas-sa.

I’ve gone and hired myself out, I’ve hired myself out to

    Death.

We drew up a contract and set the seal on it by spitting in our palms. I would go with him to

    Lateeve

for a year and a day—at least, that was the deal

An tséimeantaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Brainse den teangeolaíocht a dhíríonn ar chiall focal agus aonad eile teanga.

Sofhriotal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focal neodrach a úsáidtear ag tagairt do rud míthaitneamhach nó toirmiscthe, m.sh. ‘pass away’ seachas ‘die’. Mar a chéile 'D'imigh sí ar shlí na fírinnne.'

Béarla: euphemism.

Spriocthéacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

An téacs aistrithe. Tuarascáil a d'fhoilseofaí sa sprioctheanga ar deireadh mar shampla.

Sprioctheanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

An teanga a bhfuil an téacs le haistriú isteach inti. I gcás aistritheoirí a bhfuil an Ghaeilge acu is minice gurb í an Ghaeilge féin an sprioctheanga.

Srianta comhaonaid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Srianta ar úsáid focal áirithe i gcomhaonaid le chéile, m.sh. úsáidtear an aidiacht ‘maslach’ sa leagan ‘obair mhaslach’ (heavy or taxing work) ach is ar éigean a déarfá ‘leabhar maslach’ ag trácht ar leabhar deacair. Sampla eile ná 'Thit an lug ar an lag aige' mar nach bhfeictear 'lug' taobh amuigh den nath calctha sin.

Tacar séimeantach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fo-aonad den réimse séimeantach. Cuir i gcás, tá an réimse CAINT roinnte in aonaid níos sainiúla ar nós ‘BRIATHRA CAINTE (‘cogar’, ‘labhairt’ srl). Sampla eile ná an réimse CRAINN atá roinnte in aonaid níos sainiúla ar nós 'PÁIRTEANNA DEN CHRANN' (‘géag’, ‘stoc’ srl) is mar sin de.

Téacs faisnéiseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téacs a bhfuil sé de phríomhchuspóir aige eolas a chur i láthair an léitheora, m.sh. tuarascáil bhliantúil, doiciméad beartais, bileog eolais.

Téacs foinseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

An téacs atá le haistriú. I gcás aistritheoirí a bhfuil an Ghaeilge acu is minice gur téacs Béarla atá le haistriú.

Téacs gairmeach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téacs atá dírithe ar an léitheoir agus a dhéanann cumarsáid dhíreach leis, ag tathant air gníomh éigin a dhéanamh, m.sh. vóta a chaitheamh ar son polaiteora áirithe, earraí a cheannach, gan leictreachas a chur amú, salachar madraí a ghlanadh.

Téacs léiritheach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téacs ina léirítear meon agus stíl phearsanta an scríbhneora, m.sh. litríocht chruthaitheach, script teilifíse. Sampla eile ná colún tuairimíochta Alan Titley ar an Irish Times.

Teanga fhoinseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teanga an téacs atá le haistriú. Is é an Béarla teanga fhoinseach fhormhór na dtéacsanna a aistrítear go Gaeilge. I gcás na dteangacha mionlaithe is iondúil gur mórtheanga áitiúil an teanga fhoinseach de ghnáth.

An teangeolaíocht chomparáideach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Staidéar comparáideach idir péire (nó níos mó) teangacha, féachaint cad iad na cosúlachtaí agus na difríochtaí eatarthu.

Téarma béarlagair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téarma a imíonn ó shainréimse amháin go sainréimse eile (seachas dul díreach isteach sa ghnáthchaint), m.sh. icon, a bhain leis an ealaín chráifeach agus atá anois in úsáid sa ríomhaireacht. Sa Bhéarla, mar shampla, bhain an focal icon leis an ealaín, agus leis an ealaín chráifeach go sonrach. Tá icon á úsáid sa chomhthéacs sin fós, ach roghnaigh lucht ríomhaireachta é chun rud eile ar fad a chomharthú: ‘Siombail ghrafach ar chomhéadan an úsáideora, a sheasann do chlár, do shraith treoracha, do chomhadlann, srl.’ D’fhéadfaí téarma béarlagair a thabhairt ar a leithéid sin. Is léir go bhfuil icon á úsáid go meafarach, ach is téarma é mar sin féin. Caithfear téarma Gaeilge a aimsiú ag freagairt dó, murab ionann agus parafrása.

Trasnáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn trasnáil ann nuair a chuirtear an sprioctheanga as a riocht de bharr thionchar na teanga foinsí, m.sh. ‘Ní hé sin mo chupán tae’ in áit ‘Ní hé sin an cineál ruda a thaitníonn liomsa.’ Sampla is ea abairt lochtach ar nós 'Tháinig sé as an ngorm' in áit 'Tháinig sé gan choinne'.

Trasuíomh gramadaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Malartú struchtúr gramadaí le linn an aistriúcháin, m.sh. a wooden house / ‘teach adhmaid’. Alt éiginnte & aidiacht & ainmfhocal atá sa Bhéarla. Dhá ainmfhocal atá sa Ghaeilge, agus an dara ceann sa ghinideach.

Trouvaille[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focal Fraincise a chiallaíonn lucky findan ingenious idea. Úsáidtear san aistriúchán é ag tagairt do na seifteanna a aimsíonn aistritheoirí chun fadhbanna aistriúcháin a réiteach.

Tuairisciúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag cur síos ar an gcóras teanga mar atá sé, seachas treoir a thabhairt faoi conas ba chóir dó bheith.

Béarla: descriptive.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]