Georges Laplace
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Lúnasa 1918 Pau, An Fhrainc |
Bás | 21 Meán Fómhair 2004 86 bliana d'aois Pau, An Fhrainc |
Teanga dhúchais | an Fhraincis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | réamhstaraí, seandálaí, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Centre national de la recherche scientifique French School of Rome (en) |
Teangacha | An Fhraincis |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Gradam a fuarthas |
Réamhstaraí agus iarmhúinteoir Francach ab ea Georges Laplace (13 Lúnasa 1918 - 21 Meán Fómhair 2004). Bhí baint aige leis an Résistance sa Dara Cogadh Domhanda, agus ansin le harm de Gaulle (1944)[1]. Chuaigh sé le seandálaíocht tar éis an Chogaidh agus ghnóthaigh dochtúireacht sa bhliain 1961: Recherches sur l'origine et l'évolution des complexes leptolithiques[2]. Sa bliain 1970 bhunaigh sé an Centre de palethnologie stratigraphique d’Arudy.
In éineacht le Louis Méroc, cheap sé dóigh chun cuntas cruinn a thabhairt ar shuíomh na n-iarsmaí i bhfosú seandálaíoch, dóigh a mbaintear feidhm as go forleathan fós. Foroinntear an limistéar tochailte ina chearnóga atá 1m an taobh agus socraítear suíomh na n-iarsmaí le dhá chomhordanáid ("x" agus "y") idir 0 agus 100cm; freagraíonn an tríú tomhas ("z") d’airde na n-iarsmaí i gcoibhneas leibhéil thagartha.
San am céanna, tugtar tréaniarracht ar chur síos cruinn a dhéanamh ar na strataim.
Bhain Laplace feidhm as an tsaintréitheacht anailíseach, córas dinimiciúil, chun tuairisc a thabhairt ar an gcéad chéim éabhlóideach den ré phailéiliotach uachtarach san Iodáil. Tá sí bunaithe ar anailís a dhéanamh ar thréithe i dtreo go rangófaí iad de réir na tuairisce.
Oibreacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Laplace, G. et Méroc, L. (1954) – “Application des coordonnées cartésiennes à la fouille d'un gisement,” Bulletin de la Société Préhistorique Française, t. LI, lgh. 58-66.
- Laplace, G. (1974) – “De la dynamique de l'analyse structurale ou la typologie analytique,” Rivista di Scienze Preistoriche, vol. XXIX, fasc. 1, lgh. 3-71.
- Laplace, G. & M. Livache (1975) – “Précisions sur la démarche de l’analyse structurale,” Dialektikê. Cahiers de typologie analytique, t. 3, lgh. 8-21, issn: 1169-0046, doi: 10.5281/zenodo.2583942.
- Laplace, G. (1981) – “Algorithme de segmentation dans la matrice d’homogénéité,” Dialektikê. Cahiers de typologie analytique, t. 8, lgh. 15-28, issn: 1169-0046, doi: 10.5281/zenodo.2584146.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Christine Cabon (2004). "Georges Laplace (1918-2004)". Paléo 16: 9-22.
- ↑ Georges Laplace (1966). "Recherches sur l'origine et l'évolution des complexes leptolithiques" 4. École Française de Rome.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |