Gaoth chatabatach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaoth áitiúil le fána a tharlaíonn i ngleann. Istoíche, fuaraítear an t-aer os cionn dromanna na sléibhte níos tapa ná an t-aer os cionn urlár an ghleanna. Mar thoradh, éiríonn an t-aer te éadlúth éadrom seo ar an urlár trí chomhiompar, agus séideann an t-aer fuar dlúth trom síos le fána. Ní gá gleann chuige seo, mar séideann gaotha fuara mar seo síos le fána ó shléibhte is amach ar an talamh íseal in aice láithreach freisin. Is gaoth fhuar mar seo an mistral i ngleann an Rhône sa bhFrainc, agus is gaotha te catabatacha an chinook sna Sléibhte Creagacha i Meiriceá Thuaidh, is an Föhn sna hAlpa.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gaoth chatabatach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 305.