Galar Mhénière

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is neamhord de chuid na cluaise inmheánaí é Galar Mhénière a chuireann as d'éisteacht is do chothromaíocht duine i mbealaí éagsúla. Is iad na príomhthréithe atá aige ná babhtaí veirtige nó meadhrán chomh maith le tinniteas agus caillteanas éisteachta forchéimnitheach, i gcluas amháin de ghnáth. Ainmnítear é as an lia Francach Prosper Ménière a thuairiscigh in alt a foilsíodh sa bhliain 1861 gur neamhoird de chuid na cluaise inmheánaí a chúisíonn an veirtige. Goilleann an galar ar dhaoine i mbealaí éagsúla; uaireanta ní bhíonn ann ach mionchrá ach uaireanta eile fós is míchumas ainsealach feadh an tsaoil a bhíonn ann.

Cóir Leighis[athraigh | edit source]

Tugtar frith-hiostaimín (cinnarizine mar shampla) nó déantar obráid air an gcluas má bhíonn sé dona go leor. Scaití baintear úsáid as gentamaicin leis an orgán cuasánach a eisídiú.