Galair uathimdhíonachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grúpa galar nach bhfuil gaolmhar le chéile ach a bhfuil comh-mheicníocht imdhíonachta acu. I riocht mar seo, ní féidir leis an gcolainn idirdhealú idir ábhair dá cuid féin is ábhair choimhthíocha, agus tosaíonn freagairt imdhíonach dá cealla féin. Cruthaítear antashubstaintí a dhéanann damáiste d'fhíocháin na colainne féin, agus mar sin, raon galar. I measc na neamhord a fheictear mar gheall ais seo tá airtríteas réamatóideach, diabetes mellitus, anaemacht mharfach, anaemacht haemalaíoch, foirmeacha áirithe galar duán is galar tíoróideach, lúpas córasach eiritéimeatach, scléaróis chórasach, agus galar Addison.