Scléaróis chórasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scléirideirm, galar neamhchoitianta ginearálaithe na bhfíochán tacaíochta ar fud na colainne. Meastar gur galar uathimdhíonach é. Éiríonn an craiceann ramhraithe lonrach de réir a chéile, agus greamaíonn leis na fíocháin faoina bhun. Éiríonn na hailt pianmhar docht. Bíonn baint ag an ngalar le conair an díleá, na scamhóga, an croí is fíocháin eile freisin.