Lúpas eiritéamach sistéamach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar ainsealach athlasta ilchóras a chuireann isteach ar fhíocháin tacaíochta ar fud na colainne. Tarlaíonn sé 10 n-oiread níos minice i mná ná fir. Ní fios go cruinn cad is bun leis, ach is sainchomhartha é ar chuid mhaith féinantashubstainí a bheith sa bhfuil. Tosaíonn sé timpeall 20-40 bliain d'aois, agus téann ar aghaidh de réir a chéile. Déanann solas na Gréine is roinnt drugaí an galar níos measa. Tréithe samhlachtúla de is ea gríos ar an aghaidh a dháiltear ar chruth féileacáin trasna na leicne is na sróine, airtríteas a bhaineann leis na hailt bheaga, cliseadh na nduán, anaemacht, sreabhán mórthimpeall an chroí is na scamhóg, fiabhras, cailliúint meáchain, agus tuirse. Déantar cóireáil air le stéaróidigh agus drugaí imdhíonachosctha.