Gaeltacht Thuaisceart an Oileán Úir
Gaeltacht Thuaisceart an Oileán Úir | ||||
---|---|---|---|---|
Erinsville Gaeltacht (en) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Ceanada | |||
Cúige Cheanada | Ontario | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 0.24 km² | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Bunaitheoir(í) | Aralt Mac Giolla Chainnigh | |||
Cruthú | 16 Meitheamh 2007 (Iúlach) |
Ceantar atá ainmnithe go hoifigiúil mar acmhainn chun teanga labhairt na Gaeilge a chothú is ea Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir (nó Gaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh).[1] Tá an ceantar suite i dTamworth, Ontario, taobh le hAbhainn an Bhradáin i mbaile fearainn Stone Mills i gcontaetha Lennox agus Addington.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]In aice láimhe tá sráidbhaile Erinsville, áit a thóg a ainm ó na hÉireannaigh a lonnaigh ann san 19ú céad. Éireannaigh ba ea na chéad chúig mhéara ar an mbaile sin.[2]
Tá cáil bainte amach ag an gceantar anois ós ann atá an t-aon Ghaeltacht oifigiúil amháin taobh amuigh de Éirinn le fáil.[3] [4] Ach murab ionann leis na Gaeltachtaí in Éirinn níl pobal buan de chainteoirí Gaeilge i nGaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh.
Léirigh an tionscnamh oifigiúil an t-aitheantas agus an tacaíocht oifigiúil a bhí faighte ag an nGaeltacht nua. Bhí Declan Kelly, Ambasadóir na hÉireann, i láthair, in éineacht le Helen Gannon ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.[5] I ráiteas oifigiúil a eisíodh ar 29 Bealtaine 2007, dúirt Éamon Ó Cuív, Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta: "Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le pobal Cheanada mar gur bhunaigh siad i gCeanada an chéad Ghaeltacht riamh lasmuigh de Éirinn. Guím gach rath ar an obair agus tá súil agam go mbeidh fás agus forbairt uirthi".[3]
Cheadaigh an tAire O Cuív €20,000 ($28,835 CAD) don Ghaeltacht ar mhaithe le hoiliúint do mhúinteoirí.[6] Tuairiscíodh an scéal ar TG4 (Teilifís Gaeilge),[7] ar an BBC agus ar na meáin i gCeanada (BBC).[5]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn cúrsaí Gaeilge ar siúl ann agus i mbaile Erinsville freisin. Cuirtear céilithe ar siúl ann agus is féidir campáil ann ach an uain a bheith chuige (go hiondúil i Mí Lúnasa).[2] Tá beartaithe ag na heagraithe ar chábáin do 100 duine a thógáil, in éineacht le seomraí ranga agus le hiarsmalann. Tá tionchar ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar na modhanna múinteoireachta agus foghlama.[6]
In agallamh leis an BBC dúirt Aralt Mac Giolla Chainnigh, príomheagraí an tionscadail, cé go dtagann na Gaeilgeoirí ó chríocha an-difriúla - ó Cheanada, ó na Stáit Aontaithe, ó Éirinn - gur féidir leo go léir teacht ar aon fhód amháin san áit seo. Áit í a ligeann dóibh beocht a chur ina gcuid den dúchas agus eolas a chur arís ar an nGaeilge.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Gaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh 2007". rte.ie. RTÉ (2007). Dáta rochtana: 3 Meán Fómhair 2021.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 McKittrick, David. (18 Aibreán 2007). "Bualadh bos...Gaeltacht goes global". Independent.ie.
- ↑ 3.0 3.1 Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs namedcuiv
- ↑ "Canada to have first Gaeltacht". Irish Emigrant (Eanáir 2007).
- ↑ 5.0 5.1 "GAELTACHT CHEANADA". BBC Northern Ireland (Meitheamh 2007).
- ↑ 6.0 6.1 "Donegal example inspired idea for first Gaeltacht outside of Ireland". The Donegal News (22 Meitheamh 2007). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Lúnasa 2007. Dáta rochtana: 20 Feabhra 2009.
- ↑ "Alt cartlainne". TG4.ie.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gaeilge.ca - Suíomh oifigiúil
- Daltaí.com Curtha i gcartlann 2008-02-28 ar an Wayback Machine
- Alt sa nuachtán 'Irish Times' faoin Ghaeltacht[nasc briste go buan]
- Alt sa nuachtán 'Napanee Beaver' faoin Ghaeltacht[nasc briste go buan]
- Alt sa nuachtán 'Celtic Connection' faoin Ghaeltacht Curtha i gcartlann 2007-12-12 ar an Wayback Machine
- An Searmanas Oscailte ar YouTube