Gaelscoil na Daróige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGaelscoil na Daróige
Sonraí
CineálGaelscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Bunaíodh Gaelscoil na Daróige, i mBaile Mhig Rabhartaigh, Doire i mí Mheán Fómhair 2005 de réir eileamh na tuismitheoirí a raibh páistí acu ag freastaíl cheana féin ar an naíscoil áitiúil, Naíscoil Mhaol Íosa.

Tugadh fá deara go raibh an tromlach páistí sa naíscoil ag aistriú chuig an chóras bhunscolaíocht Béarla mar a bhí na gaelscoileanna eile sa chathair rófhada ar shúil. D'oscail Stephen Kenny, bainisteoir sacair Chathair Dhoire a raibh páiste aige ar an naíscoil an scoil go hoifigiúil in éineacht le 8 scoláirí rang a haon agus a dtuismitheoirí.

Stádas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh leis an ghaelscoil i gcigireacht Roinn Oideachais agus tá sé ar an Chlárúchán Scoileanna Neamhspleacha anois dá bharr. Comhlíonann an scoil a cuid costas reatha trí bhailiúcháin airgid agus deontaisí poiblí agus príobháideacha. Chur an Coiste moladh forbartha na scoile isteach chuig an rialtas chun aitheantas agus lán-mhaoiniú a bhaint amach i 2007.

Thug an tAire Oideachais úr, Caitríona Ruane aitheantas don scoil ag deireadh mhí Lúnasa 2007 rud a bhí ina ábhar conspóideach ollmhór mar go ndeachaigh sí i gcoinne comhairle na státseirbhíse ag an am. Ardaíodh an ábhar ar an Raidió (Talk Back) ar phríomhleathanach an phaipear náisiúnta, Irish News agus in sa Tionóil Stormont é féin. Áfach, níor éirigh leis an scoil na critéir a líonadh le dhá bhliain eile agus is í an scoil an t-aon bunscoil lan-ghaeilge sa Tuaisceart fágtha nach bhfuil lán-mhaoinithe fós. D'éirigh leis an phríomhoide, Oisín Mac Eo agus leis an choiste an scoil a choinneáil oscailte agus beo gan mhaoiniú idir an dá linn agus cuireadh isteach moladh forbartha úr chuig an aire oideachais i 2009 nuair a bhí an scoil in iomlán muinííneach go raibh na critéir uile líonaithe aici. Tá an scoil ag fanacht ar an chinneadh go fóill faoi láthair. In ainneon easpa tacaíochta ón Roinn, d'éirigh leis an ghaelscoil neamhspleách an oiread is mó paistí a chlárú do Rang 1 don scoil bhliain 2009/10 ná gaelscoil ar bith eile i gcathair Dhoire.


I gcomhtheacs an achrainn agus an teanais atá ar siúl faoi láthar sa ghluaiseacht gaelscolaíochta maidir le forbairt na hearnála, ba chúis agóide ollmhór é dá mbá rudaí nach ndeachaigh leis an scoil aitheantas agus maoiniú a bhaint amach ón Roinn Oideachais i mbliana.


I 2008/09 chuaigh naíscoil na gaelscoile isteach i gcomhpháirtíocht faoi léith leis an eagraíocht rialtais luathbhlianta do thuismitheoirí faoi mhíbhuntáiste, Tús Maith (Sure Start). Bhí an scoil ábalta cúrsaí, áiseanna agus seirbhísí nua a chruthú do thuismitheoirí nach raibh riamh ar fáil do teaghlaigh ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Tá polasaí láidir, díograiseach, lárnach earcaíochta ag an scoil maidir, agus téann an fhoireann agus tuismitheoirí reatha thart ar na tithe sa cheantar mar sin le labhairt le tuismitheoirí óga faoi ghaelscolaíocht. Dá thairbhe seo agus na comhpháirtíochta le Tús Maith, bhí an naíscoil lán agus le liosta feithimh anuraidh, rud nach dtarlaíonn de ghnáth le gaelscoileanna sa Tuaisceart.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]