Gónad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An t-orgán atá freagrach as táirgeadh na gcealla atáirgthe (na gaiméití). Sa bhfireannach, táirgeann na gónaid (na huiríocha) na speirmeacha. Sa bhaineannach, táirgeann na gónaid (na hubhagáin) na hubháin. Sa veirteabrach, sintéisíonn is tálann na gónaid gnéashormóin (andraiginí, éastraiginí is prógaistiginí). Bíonn na handraiginí níos flúirsí i bhfireannach, na héastraiginí is na prógaistiginí níos flúirsí sna baineannach.