Fritileán (planda)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa luibheolaíocht, planda ilbhliantúil le bleib bheag lannach, dúchasach don Eoraip. Fásann an gas suas le 50 cm ar airde. Na duilleoga cosúil le féar, scothghorm. An bláth cosúil le clog leathan 3-5 cm ar leithead, ag cromadh, corcairdhearg neamhlonrach, bán go hannamh, le patrún sainiúil breac-chearnógach. Fástar mar mhaisiúchán é. Tugtar ceann nathrach agus bláth guine air freisin, as a dhath is a cheann cromtha.