Frithphrótón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Frithcháithnín comhpháirteach an phrótóin (p+), leis an tsiombail p-. Is ionann a mhais is a ghuairne agus mais is guairne an phrótóin, ach tá lucht -1 aige. Fionnadh i 1955 é. Cruthaítear frithphrótóin i luasghéaraitheoirí cáithníní trí imbhuailtí idir prótóin is núicléis. Is féidir iad a luasghéarú le haghaidh turgnamh eile i bhfisic na gcáithníní.