Frithchioclón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téarma meitéareolaíoch ar chóras ardbhrú. Réigiún spéire gile is aimsire cobhsaí a bhíonn sa bhfrithchioclón de ghnáth. Bíonn frithchioglóin theo leathbhuana i réigiúin fhothrópaiceacha (mar shampla, na réigiúin ardbhrú mórthimpeall ar na hAsóir is Haváí). Is féidir go leanfaidh frithchioclón bacainneach ar feadh roinnt seachtainí, ag taisteal go mall is ag cur na lagrach ar mhalairt treo mórthimpeall air. Sa leathsféar thuaidh, séideann na gaotha dromchlacha amach as an bhfrithchioclón ar deiseal, agus ar tuathal sa leathsféar theas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Frithchioclón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 288.