Lagrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mheitéareolaíocht, córas brú ísil ag domhanleithid arda is mheánacha. Tugtar cioclón air ag domhanleithid ísle. De ghnáth, téann an córas trí staideanna réasúnta dea-shainithe lena bpatrúin aimsire féin. Tosaíonn lagrach nuair a fhásann tonn ar fhronta idir mais aeir fhuair is mais aeir the. Titeann an brú ag círín na toinne. Bíonn fronta te i dtosach an lagraigh, agus ina dhiaidh sin an fronta fuar, le teascán te eatarthu. Ach taistealaíonn an fronta fuar ar luas níos mó ná luas an fhronta the, agus mar sin tagann suas leis an bhfronta te chun fronta oclúidithe a chruthú. Nuair a tharlaíonn sé seo, méadaíonn an brú agus cailleann an lagrach luas. Gluaiseann gaotha dromchlacha ar tuathal timpeall an lagraigh sa leathsféar thuaidh (ar deiseal sa leathsféar theas). Bíonn lagraigh 1,000-2,000 km ar leithead de ghnáth, ach ní mhaireann ach 4-7 lá. Cruthaítear go rialta iad i réigiúin áirithe (mar shampla, ar feadh frontaí Molacha an Aigéin Atlantaigh is an Aigéin Chiúin, agus sa Mheánmhuir). Cruthaítear na lagraigh is déine sa gheimhreadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lagrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 391.