Fred McGriff

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFred McGriff

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Deireadh Fómhair 1963
60 bliana d'aois
Tampa, Florida, Florida Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síThomas Jefferson High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir daorchluiche Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre17 Bealtaine 1986 –
Tír spóirtStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtdaorchluiche Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtMajor League Baseball (en) Aistrigh
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtImreoir céad daoraidh
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Toronto Blue Jays (en) Aistrigh
Chicago Cubs (en) Aistrigh
Los Angeles Dodgers (en) Aistrigh
Tampa Bay Rays (en) Aistrigh
San Diego Padres (en) Aistrigh
Atlanta Braves (en) Aistrigh
Gulf Coast League Yankees (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is iarimreoir daorchluiche Meiriceánach é Frederick Stanley McGriff (rugadh 31 Deireadh Fómhair 1963) a d’imir do sé fhoireann MLB ó 1986 go 2004. Bhí sé ina imreoir céad daoraidh agus ba shlacaí cumhachtach é, le 493 buille baile ina ghairmréim, an líon céanna a bhí ag Lou Gehrig. Bhí sé i measc Sárimreoirí na Bliana cúig huaire, agus bhí sé ar bharr an tábla buillí baile san American League i 1989 agus sa National League i 1992. Bhuaigh sé craobh World Series mar bhall de na hAtlanta Braves sa bhliain 1995. Faoi láthair, oibríonn sé in oifig thosaigh na Braves mar Chúntóir Speisialta d’Oibríochtaí Daorchluiche.[1]

Bhaist an craoltóir spóirt Chris Berman an leasainm “Crime Dog” ar McGriff [2] mar imeartas focal ar “McGruff”, madra cartúin a chruthaigh na gardaí i Meiriceá chun eolas faoi chosc na coireachta a scaipeadh i measc leanaí. Ar dtús, dúirt McGriff gurbh fhearr leis “Fire Dog”, tagairt do dhóiteán a tharla i mbosca na n-iriseoirí i Staid Atlanta-Fulton County ar an lá i 1993 a fuair na Braves ó na Padres é; go siombalach, bhí na Braves “trí thine” as sin amach sa séasúr, agus chuaigh siad thar na San Francisco Giants chun an chéad áit sa roinn a bhaint amach. Tá sé ráite aige ó shin go dtaitníonn an leasainm “Crime Dog” leis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Atlanta Braves Front Office”. MLB.com. Dáta rochtana: 15 Eanáir 2019.
  2. Chris Berman's Nicknames”. www.upstartfilmcollective.com. Dáta rochtana: 15 Eanáir 2019.