Fréamh (Carachtar Sínise)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ón gcarachtar Sínise do mháthair 妈 is féidir linn dhá chuid a bhreathnú. Is é 女 nǚ, an chuid sa dath dearg, a chiallaíonn 'bean'. Is é 马 mǎ, an chuid ar dheis sa dath dubh a chiallaíonn 'capall'. Is ar an taobh clé atá fréamh shéimeantach an charachtair (bean- an mháthair) agus, sa chás áirithe seo, freastálaíonn sé mar aicmitheoir foclóra.

Is éard is fréamh Sínise ann (Béarla: radical ó radix na Laidine: , rud a chiallaíonn "fréamh") ná comhpháirt de charachtar Sínise. Is féidir an téarma bheith ag tagairt do bhun-eilimint séimeantach an charachtair, nó le haon ghné, nó, gné ar bith is cuma a bunús nó a cuspór.