Foras Gnó na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaForas Gnó na hÉireann
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht Ghaeilge do lucht gnó é Foras Gnó na hÉireannFGÉ (Foras Gnó na Gaeilge uaireanta). Bunaíodh é breis is 50 bliain ó shin. Ba é sprioc fhadtéarmach FGÉ ón gcéad lá an Ghaeilge a chur chun cinn i saol gnó na hÉireann. Bíonn sé de nós ag an eagraíocht teacht le chéile uair sa mhí le haghaidh lóin, i mBialann na gComhaltaí, Teach Laighean. Thosaigh an traidisiún sin nuair a toghadh Ruairí Brugha ina Sheanadóir sa bhliain 1977, thug an Seanadóir cuireadh don eagraíocht an lón a chaitheamh san mBialann sin ar bhonn rialta. I láthair na huaire is é Éamon Ó Cuív, Teachta Dála, atá mar éarlamh nó pátrún ag an eagraíocht.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]