Fistulariidae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fistulariidae
An coirnéadiasc gormbhallach, Fistularia commersonii
An coirnéadiasc gormbhallach, Fistularia commersonii
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Animalia
Fíleam: Chordata
Aicme: Actinopterygii
Ord: Syngnathiformes
Fine: Fistulariidae
Blainville, 1818
Géineas: Fistularia
Linnaeus, 1758
Speicis
Féach ar an téacs.

Is fine bheag iad na coirnéadéisc, (Fistulariidae), d'éisc an-fhadaithe de chuid an ord Syngnathiformes. Níl sa bhfine ach ghéineas amháin,Fistularia , le ceithre speiceas, a bhíonn ar fáil ar fud an domhain i dtimpeallachtaí mara trópaiceacha agus fothrópaiceacha.

Ag fás suas go dtí 200 cm (6.6 tr.) ar fhad, bíonn na coirnéadéisc chomh tanaí agus fhadaithe go mbíonn siad cosúil le go leor eascann, ach atá siad inaitheanta mar gheall ar a smuit an-fhada, eití droma agus an anasacha ar leith, agus eití eireaballacha gabhlacha ina gcruthaíonn a lár-ghathanna filiméid fhada. Tá líne an taoibh forbartha go maith agus leathnaíonn sí isteach ar an fhiliméid eireaballach. De gnath, bíonn cónaí orthu in uiscí cósta nó ar sceireacha coiréil, áit a n-itheann siad éisc beaga, crústaigh, agus inveirteabraigh eile. Bíonn spéise bheag orthu le haghaidh iascaireachta, agus is féidir iad a fháil i margaí áitiúla laistigh dá raon.