Fir Fichille Leòdhais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le Fir Fichille Leòdhais (Gaeilge na hAlban: Fir-thàilisg Leòdhais [fiɾʲˈhaːlɪʃkʲ loː.ɪʃ]) ná grúpa fear fichille suntasach ón 12ú haois a aimsíodh in Leòdhas sa bhliain 1831.[1] Snoíodh an chuid is mó acu as eabhar rosuailt. Nuair a thángthas orthu, bhí 78 fear fichille, 14 píosa táiplise (nó cluiche cosúil leis), agus búcla creasa amháin sa taisce. Sa lá atá inniu ann, tá 82 píosa faoi úinéireacht Mhúsaem na Breataine i Londain, tá 11 i Músaem Náisiúnta na hAlban i nDún Éideann, agus tá fear fichille amháin ag úinéir príobháideach.[2][3]

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]