Failge Berraide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFailge Berraide
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata

Rí agus sinsear eapainmneach Uí Fhailí ba ea Failghe Bearraí (Sean-Ghaeilge Failge Berraide) (fl. 507-514).[1]

Ní fios go cruinn cérbh é. D'fhéadfadh gurbh é Rus Failge, mac an Ard-Rí, Cathair Mór, a mhair a mheastar sa 2a haois de réir na nginealach, ach ní féidir seo ó thaobh chroineolaíochta de.[2] Sa Leabhar Laighneach, feictear sna ríliostaí luathrí darbh ainm Failge Rot mac Cathair.

Is amhlaidh go raibh Uí Fhailí i gceannas i measc luathfhinte na Laighean. Tugtar é seo le fios le fianaise an dáin Timna Cathaír Máir (Tiomna Chathrach Mhóir), ina dtagann Rus Failge i gcomharbacht ar a athair.[3]

Céile comhraic Fhiacha mhic Néill, bunaitheoir Chineál Fiachach, ba ea Failge. Sa bhliain 507, cloígh sé Fiacha i gCath Fhréamhainn (gar den Mhuileann gCearr, Contae na hIarmhí).[4][5] Bhí bréagthairngreacht tugtha d'Fhiacha go mbuafadh sé an cath, agus bhí fonn díoltais air. Sa bhliain 514, bhain sé a chúiteamh amach, agus Failge clóite aige i gCath Droma Dheirg. Mar thoradh an chliste seo, chaill na Laigin a gcuid críoch ar mhaigh na Mí, agus tháinig Fiacha i gceannas i dtailte ó Bhiorra go hUisneach, san Iarmhí an lae inniu.[6][7]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • McCarthy's synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Gach dáta per The Chronology of the Irish Annals, le Daniel P. McCarthy
  2. Byrne, Table 8; Charles-Edwards, Aguisín XV
  3. Byrne, lch. 139
  4. Annála Uladh, AU 510.1
  5. Annála Tiarnaigh, AT 507.1
  6. AU 516.1, 517.3
  7. AT 514.3


Teimpléad:Laigin