Faecas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bóthar Annacloy, Contae an Dúin, M.F. 2010

Ábhar is ea faecas (cac, eisfhearadh, fearadh nó tuar go neamhfhoirmeálta), a scaoiltear ó chonair an bhia, ina mbíonn fuíoll neamhdhíleáite d'ábhar ionghafa, uisce is baictéir.

I ndaoine, is é a chinneann a dhath ná na hábhair datha a chruthaítear sa stéig trí dhianscaoileadh na mbilearúibiní ag baictéir. Tagann a bholadh ó chruthú aimíní áirithe ag na baictéir sa stéig.

Is fuíollábhar a dhíchuirtear as an áthán é cac. Bíonn boladh láidir air. Is leasachán maith é cac nuair a scaiptear ar chré é. Bíonn dath donn air de ghnáth. Is buinneach é cac a scaoiltear as an áthán go han-tapa agus atá leachtúil.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Faecas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 252.