Eoghan Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEoghan Ó Néill

Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Twitter: eoghan7 Cuir in eagar ar Wikidata

Iriseoir, craoltóir agus tráchtaire as Béal Feirste is ea Eoghan Ó Néill a bhí ina eagarthóir ar Nuacht24, seirbhís a bhunaigh sé sa bhliain 2009. Is eagarthóir nuachta freisin é ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Tá go leor taithí aige mar iareagarthóir ar Lá Nua agus mar iaririseoir le BBC Uladh.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

As ceantar Bhóthar na bhFál ó dhúchas Eoghan Ó Néill.

Bhunaigh Eoghan Ó Néill agus a chara Gearóid Ó Cairealláin nuachtán seachtainiúil Gaeilge Preas an Phobail i 1981.

Ó 1984 ar aghaidh, foilsíodh an nuachtán go laethúil faoin teideal .[1]

Bhunaigh siad stáisiún raidió Gaeilge Raidió Feirste an bhliain dar gcionn, stáisiún a bhí ag craoladh gan cheadúnas go dtí 2006, tráth a athbhaisteadh Raidió Fáilte air.

In 2008, bhunaigh Eoghan Ó Néill an nuachtán ar líne Nuacht24.com, seirbhís nuachta ar líne a bhí ceannródaíoch ag an am sin.

Chomh maith le neart ardán eile, is aoichainteoir rialta é an Niallach ar Nuacht RTÉ.

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh gradam ar an Niallach mar Iriseoir na Bliana ag Gradam Cumarsáide an Oireachtais in 2009 agus 2011.[2]

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2023 air as téagar, substaint agus sárchaighdeán a shaothair sna meáin chumarsáide thar na blianta.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]