Ellen MacArthur

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luamhaire is taiscéalaí a rugadh i Whatstandwell Shasana is ea Ellen MacArthur (1976-). I 2000 sheol sí ina haonar timpeall an Domhain ar an luamh Kingfisher i 94 lá, curiarracht na mban. I 2005 bhain sí barr de seo le haistear 71 lá ar an luamh B&Q. Idir an dá linn d'éirigh léi curiarracht a dhéanamh i dtrasnú aonair an Atlantaigh i 2002.