Éamonn Mac Giolla Iasachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Edward MacLysaght)
Infotaula de personaÉamonn Mac Giolla Iasachta

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Samhain 1887
Bás4 Márta 1986
98 bliana d'aois
Seanadóir na hÉireann
11 Meán Fómhair 1922 – 6 Nollaig 1925
Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síCorpus Christi College (en) Aistrigh
Scoil Rugby Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, ginealeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairSidney Royse Lysaght

Bhí Éamonn Mac Giolla Iasachta (Béarla: Edward MacLysaght ; 6 Samhain 1887 - 4 Márta 1986) a bhí ar cheann de na gineolaithe ba mhó le rá in Éirinn san fhichiú haois.[1] Chuir a chuid leabhar ar shloinnte Éireannacha go mór le hobair an Athar Phádraig de Bhulbh Sloinnte Gaedheal is Gall(1923) agus chuaigh sé i bhfeidhm orthu siúd go léir a rinne taighde ar stair a muintire.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Mac Giolla Iasachta in Flax-Bourton, Nailsea, Somerset, Sasana. Ba iad Sidney Royse Lysaght agus Katherine Clarke a thuismitheoirí. San iontráil a thug sé in Who’s Who,What’s What and Where in Ireland, sa bhliain 1973, is iad ‘Edward Anthony’ a ainmneacha agus deir sé gurbh amhlaidh a baisteadh é i gContae an Chláir 6 Samhain na bliana 1889 agus gur ‘Séadna McLysaght’ ab ainm dá athair. Protastúnach a athair Sidney agus b’as an gceantar idir Mala agus Dún ar Aill dó; bhí gnó cruach aige i mBriostó ach úrscéalaí aitheanta ba ea é agus bhí meas air mar fhile. Scríobh Éamonn a bheathaisnéis, S.R. Lysaght. The Author and the Man, 1974. B’as Lincolnshire do Katherine Clarke ach mhaíodh Éamonn gurbh as Laois dá sinsir i bhfad siar. Luann Éamonn deartháir amháin, Pat.

Níl amhras ach gur mar oidhreacht ón athair a fuair sé an grá a bhí aige riamh ar Éirinn. Ach is oiliúint Shasanach amach is amach a tugadh dó: scoil ullmhúcháin in Nash House gar do Bhriostó, ansin an scoil cháiliúil Rugby, mar a raibh Rupert Brooke ar dhuine dá lucht aitheantais, agus i ndeireadh báire cúpla bliain i gColáiste Corpus Christi, Oxford. D’fhág sé Oxford um Márta 1908: ‘I did no good there and left the place abruptly in a disreputable atmosphere of whiskey and horses’ (Changing Times). Faoin ainm ‘Jim Hogan’ chuaigh sé ag obair mar phrintíseach ar fheirm in Tunley, Somersetshire, gan fhios dá mhuintir a bhí san Astráil ag an am. Bhain sé ardtaitneamh as trí shamhradh timpeall 1907 a chaith sé i gContae an Chláir, é ag cur faoi i sean-otharcharr sna dumhcha idir Lios Ceannúir agus an Leacht; tuairim 1908 a thosaigh sé ag foghlaim beagán Gaeilge ó chainteoirí dúchais sa cheantar sin. I 1909 cheannaigh a athair feirm mhór 600 acra sna Ráithíní in aice le Tuaim Gréine i gContae an Chláir; níor shíl Coimisiún na Talún gur thalamh é a bhí oiriúnach le roinnt ar thalmhaithe. B’as an taobh sin den Chlár do mhuintir Lysaght i bhfad siar agus is nuair a d’aistrigh siad go Co. Chorcaí a d’iompaigh siad ina bProtastúnaigh; cá bhfios nach raibh baint ag iompú Éamoinn ina Chaitliceach san eaglais i dTuaim Gréine leis an gcúlra sin? Ba é a bheadh i mbun ghnó na feirme sna Ráithíní ó 1909 amach. B’fhéidir a rá gur cuntas ar a shaol mar fheirmeoir is ea an t-úrscéal The Gael, 1919. Feasta is Cláiríneach a bheadh ann agus bheadh blas an Chláir ar a Bhéarla, fiú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]