Ed Miliband
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ed Miliband | |
|
Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre.
|
|
| In oifig 25 Meán Fómhair 2010 - Anois |
|
| Réamhtheachtaí: | Harriet Harman |
|
Ceannaire an Fhreasúra
|
|
| In oifig 25 Meán Fómhair 2010 - Anois |
|
| Réamhtheachtaí: | Harriet Harman |
|
Rúnaí Stáit um Fuinnimh agus Athrú Aeráide.
|
|
| In oifig 3 Deireadh Fómhair 2008 - 11 Bealtaine 2010 |
|
| Réamhtheachtaí: | (Oifig nua) |
| Comharba: | Chris Huhne |
|
|
|
| Dáta breithe | 24 Nollaig 1969 |
| Londain, Sasana | |
| Páirtí | Páirtí an Lucht Oibre |
Polaiteoir Briotanach is ea Edward Samuel Miliband (rugadh 24 Nollaig, 1969). Is é Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre é agus, mar sin, ceannaire an Fhreasúra sa Ríocht Aontaithe. Toghadh ina Fheisire Parlaiminte (FP) le haghaidh Doncaster Thuaidh sa bhliain 2005 agus ba bhall den Chomh-Aireacht faoi Gordon Brown é ón mbliain 2007 go dtí an bhliain 2010.
Rugadh i Londain é, agus bhain sé céim amach ó Ollscoil Oxford agus ón London School of Economics, agus d'oibrigh ansin mar thaighdeoir do Pháirtí an Lucht Oibre. Tharraing sé aird an tSeansailéara Gordon Brown air féin go gairid ina dhiaidh agus ceapadh é mar Chathaoirleach Choiste na gComhairleoirí Eacnamaíochta de Státchiste na Banríona (Béarla: Her Majesty's Treasury).