Echtra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is scéal ar leith i liteartha réamhChríostaíocht na Sean-Ghaeilge é Eachtra (Sean-Ghaeilge Echtra), de ghnáth faoi thuras gaiscíoch san alltar, nó le neach an saol eile.

Achoimre agus sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

I litríocht na Gaeilge, is scéalta turas go dtí Alltar iad Echtraí agus Iomraimh.  Is págánach iad na hEachtraí, agus Críostaí na hIomraimh,[1][2] cé go mbíonn ábhair mhiotaseolaíochta iontu siúd.  San Iomraimh, is ar mhuir a bhíonn an turas de ghnáth.[3]

I gcás scéal amháin, Immram Brain maic Febail, tá trasnaíl eachtra agus iomraimh ann.[1]  In ainneoin an teidil, meastar gur Eachtra is ea é.  D'fhéadfadh é gur ainmníodh an scéal de dheasca iomrall aithne nó cónaidhmniú idir Bran agus Naomh Breandán.[2]

Is turas é brí leis an bhfocal echtra go litriúil, as Sean-Ghaeilge chomh maith,[1]), agus is gaol le focal na Laidine, extra é.[4]  Ar eDIL, mínítear bríonna breise don fhocal, ina measc "scéal" agus "stair".

Sainmhíniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfaightear in Eachtraí turais chuig alltar, ní hionann an ceann scríbe, nó an turas féin fiú - turas ar muir in Echtra Condla; turas faoi loch in Echtrae Laegairi; turas isteach i Sidhe in Eachtra Neara.[1] Mar mhalairt air sin, d'fhéadfadh caidreamh le daonra an tsaoil eile a bheith i gceist sa scéal: in Eachtra Neara, i mbun Samhna, feiceann an laoch Neara físeanna tairngeartacha i láthair fir crochta;[3] in Echtra mac nEchach Muidmedóin, bhain an laoch Níall ríocht na hÉireann amach á phógadh cailleach ag cosaint tobair.[3]

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liostaí tiomsaithe ó Dumville (1976) agus Duignan (2010):


Scéalta gan Echtra sa teideal, ach a mheastar gur den genre iad


Scéalta caillte


Téann an laoch Cú Chulainn ar cuairt go dtí an t-alltar, i scéalta amhail is:

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • MacKillop, James (1998). "Dictionary of Celtic Mythology". Oxford. 
  • Dumville, David N. (1976). "Echtrae and Immram: Some Problems of Definition". Ériu 27: 73–94. Acadamh Ríoga na hÉireann. JSTOR 30007669. 
  • Duignan, Leonie (2010). "The Echtrae as an Early Irish Literatary Genre". NUI Maynooth. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Dumville 1976, p. 73.
  2. 2.0 2.1 "Echtrae". Jone's Celtic Encyclopedia.
  3. 3.0 3.1 3.2 "[http Echtai]". Celtic Culture - A historical encyclopedia.
  4. Hart, Aoife Assumpta (2016). "Ancestral Recall: The Celtic Revival and Japanese Modernism". McGill-Queens University Press.