Ealaín na Biosáinte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ealaín a bhláthaigh idir 330 RC, nuair a rinneadh príomhchathair impireacht na Róimhe de Chathair Chonstainín (Iostanbúl na haoise seo), agus 1453, nuair a ghabh na Turcaigh an chathair. Coimeádach stílithe, bhí sí dírithe ar théamaí diaga thar aon rud eile. San ailtireacht ba é olleaglais Shóifia ón 6ú céad an sárshaothar, le leagan amach aiseach na baislice Rómhánaí is cruinneachán ollmhór uirthi. Níos déanaí toghadh leagan amach na croise Gréagaí do na heaglaisí, le 4 ghéag chomhionann agus cruinneachán beag ar dhruma ard. Maisíodh na heaglaisí le hinleagadh marmair, daite go sómasach, fuinneoga le gloine dhaite, agus mósáicí is múrmhaisithe ar théamaí ón mBíobla is an tApacrafa.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na Biosáinte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 232.