Eagarthóireacht chóipe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le cóipeagarthóireachteagarthóireacht chóipe[1] ná snas a chur ar phíosa scríbhneoireachta sula bhfoilsítear é. I réimse na foilsitheoireachta, is gnách go mbíonn athbhreithniú déanta ag an eagarthóir agus ag an cóipeagarthóir ar gach foilseachán agus bailchríoch curtha ag údar an phíosa air.[2]

Tráth dá raibh, bhíodh foireann cóipeagarthóirí ag gach nuachtán mór – daoine sárléannta a bhí iontu go hiondúil a raibh tuiscint faoi leith acu ar chúrsaí stíle agus friotail. Ach de réir mar a thit díolachán na nuachtán, gearradh siar ar an líon cóipeagarthóirí a bhí á bhfostú acu. Lasmuigh de na foilsitheoirí móra, tá na cóipeagarthóirí éirithe tearc sa lá inniu.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “copy-editing” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-17.
  2. 2.0 2.1 Eoin Ó Cróinín (2021-07-27). "'Is rialacha bréagacha gan bhunús iad cuid de na rialacha gramadaí'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-17.