Dylan Thomas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Dylan Thomas | |
| Dealbh in Abertawe | |
| Dáta breithe | 27 Deireadh Fómhair 1914 |
| Abertawe, An Bhreatain Bheag | |
| Dáta báis | 9 Samhain 1953 |
| Nua-Eabhrac, SAM | |
| Gairm | File, scríbhneoir |
| Seánra | Nua-aoiseachas, rómánsachas |
| Céile | Caitlin Macnamara |
File agus scríbhneoir de chuid na Breataine Bige ab ea Dylan Marlais Thomas (27 Deireadh Fómhair 1914 – 9 Samhain 1953), a scríobh a chuid oibre ar fad i mBéarla amháin. Chomh maith leis an bhfilíocht, scríobh sé gearrscéalta agus scripteanna teilifíse agus raidió, curtha i láthair aige féin go minic.
Thabhaigh sé iomrá mór lena léachtaí poiblí, i Meiriceá ach go háirithe, agus chuaigh a ghuth cumhachtach le blas a thír dúchais go mór i gcion ar dhaoine. Na píosaí is mó cáil a tháinig uaidh ná an dráma Under Milk Wood agus an dán Do not go gentle into that good night in ómós dá athair.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.